Cad is ann don Tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí?

Gearrtar an tobhach Oibleagáide Seirbhíse Poiblí (PSO), nó déantar íocaíochtaí ina leith, maidir le custaiméirí deiridh leictreachais uile d’fhonn scéimeanna a mhaoiniú arna ndearadh ag Rialtas na hÉireann mar thaca le cuspóirí beartais náisiúnta.

Le roinnt blianta anuas, bhí roinnt scéimeanna san áireamh leis an PSO, agus faoi láthair tugtar tacaíocht leis do Tharaif Dhreasachta Leictreachais In-athnuaite (REFIT) agus don Scéim Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite (RESS), trína dtacaítear le híocaíochtaí le soláthraithe chun conradh a dhéanamh le tionscadail giniúna in-athnuaite incháilithe.

Bíonn feidhm ag an Tobhach PSO atá dlite ó chustaiméirí, nó ag an Íocaíocht PSO atá le híoc le custaiméirí deiridh, ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Mean Fómhair gach bliain. Bíonn sé ag brath ar phraghsanna leictreachais mhórdhíola cé acu an PSO dearfach atá ann agus go bhfuil Tobhach PSO dlite ón gcustaiméir deiridh, nó cé acu an PSO diúltach atá ann agus go bhfuil Íocaíocht PSO le híoc leis an gcustaiméir.

Nuair a bhíonn praghsanna leictreachais mhórdhíola ard, go príomha mar gheall ar phraghsanna arda gáis, faigheann gineadóirí foinsí in-athnuaite, nach mbíonn gás ag teastáil uathu, ioncaim níos mó don leictreachas a dhíolann siad sa mhargadh mórdhíola agus is ar éigean a bheadh tacaíocht de dhíth. Ina theannta sin, faoi théarmaí na scéimeanna teastaíonn na tairbhí as giniúint leictreachais ar chostas níos ísle chun aisíocaíocht a dhéanamh le custaiméirí trí íocaíocht PSO. Os a choinne sin, nuair a bhíonn praghsanna leictreachais mhórdhíola íseal, úsáidtear fáltais Thobhach PSO chun cur leis na costais bhreise a thabhaítear ag giniúint leictreachais arna tacú ag PSO nach ndéantar a aisghabháil sa mhargadh leictreachais, go hiondúil trí chonarthaí a bhíonn i bhfeidhm ag soláthraithe le gineadóirí leictreachais.

Is é ról an CRF chun an tobhach PSO nó an íocaíocht PSO a ríomh gach bliain i gcomhréir le beartas an Rialtais agus chun a chinntiú go ndéantar an scéim a riar go hiomchuí agus go héifeachtach.

Cinneadh PSO 2022/23