Ár Suíomh Gréasáin agus Seirbhísí

Áirítear le rochtain:

  • Rochtain ar ár seirbhísí
  • Rochtain ar eolas a thagann ón CRF
  • Rochtain ar ár bhfoirgneamh

Bíonn an CRF i gcónaí ag lorg bealaí rochtain agus úsáid ár suíomh gréasáin agus seirbhísí a fheabhsú. Leanaimid treoirlínte agus caighdeáin a bhfuil glacadh leo don rochtain, ach, uaireanta, seans nach mbeidh sé sin indéanta, infheidhmithe nó oiriúnach.

Rochtain ar an Suíomh Gréasáin

Tá an suíomh gréasáin seo oiriúnach go páirteach le Treoirlínte Rochtain maidir le hÁbhar an tSuímh Gréasáin 2.1 leibhéal AA.

Tá a fhios againn nach féidir rochtain iomlán a fháil ar chodanna den suíomh gréasáin seo, lena n-áirítear:

  • níl grianghraf ag gach íomhá (nó meitea-) cur síos. Mura bhfuil an cur síos ceart ag íomhánna, ní fhoghlaimeoidh teicneolaíochtaí an t-eolas atá curtha in iúl san íomhá

Foilsítear go leor cáipéisí mar PDFanna. Níl sé sin chomh inrochtana le leathanaigh HTML do dhaoine a bhfuil teicneolaíochtaí cúnta in úsáid acu. Áirítear le roinnt fadhbanna le PDFanna:

Ní liosta iomlán d’ábhar neamh-inrochtana é sin

Tá feabhsúcháin á dhéanamh againn ar rochtain an tsuímh gréasáin sin trí:

  1. athbhreithniú agus feabhsú a dhéanamh ar rochtain ar ábhar ar bhonn leanúnach
  2. ag dul i dteagmháil lenár bhforbróirí suímh gréasáin chun an dearadh agus rochtain ar ár suíomh gréasáin a fheabhsú.

Aiseolas agus eolas teagmhála

Má tá trácht nó gearán agat faoi rochtain an tsuímh gréasáin, seol ríomhphost chugainn ag info@cru.ie.

Má tá ábhar ar leith uait i bhformáid inrochtana, cuir na sonraí seo a leanas isteach:

  • An fhormáid atá ag teastáil uait
  • An t-ábhar ar mhaith leat a fháil (cuir isteach seoladh gréasáin an ábhair)
  • D’ainm agus do sheoladh ríomhphoist.

Oifigigh Rochtana

Cabhraíonn ár n-Oifigigh Rochtana le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí CRF. Feidhmíonn siad mar phointe teagmhála ginearálta agus is féidir leo cúnamh agus treoir a eagrú de réir mar atá sé ag teastáil.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár n-Oifigigh Rochtana ar go leor bealaí éagsúla.

Ríomhphost: accessofficer@cru.ie

Tel: (01) 4000 800

Tríd an bpost:

Oifigeach Rochtana

An Coimisiún um Rialáil Fóntais,

An Malartú,

Cearnóg Belgard Thuaidh, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, D24 PXW0.

Gearáin faoi rochtain

Is féidir le duine gearán a dhéanamh leis an CRF má cheapann siad gur theip orainn forálacha Ailt 25 go 28 den Acht um Míchumas 2005 a chomhlíonadh.

Le haghaidh eolais ar conas gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas 2005, féach Nós Imeachta Gearán CRF faoi Alt 38 den Acht um Míchumas 2005.

D’fhéadfadh gearán a dhéanamh ag an duine, nó ag a:

  • c(h)éile/p(h)áirtí, t(h)uismitheoir nó g(h)aol
  • c(h)aomhnóir nó duine ag feidhmiú in loco parentis don duine sin
  • ionadaí dlí
  • ionadaí pearsanta, sannta ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun ionadaíocht a dhéanamh don duine sin

nó ag duine eile ag déanamh ionadaíocht thar ceann an duine sin lena c(h)ead.

Tabhair faoi deara nach mór an gearán a dhéanamh sa scríobh chuig an Oifigeach Fiosrúcháin CRF.

Ríomhphost: inquiryofficer@cru.ie

Tríd an bpost:

An tOifigeach Fiosrúchán,

An Coimisiún um Rialáil Fóntais, An Malartú,

Cearnóg Belgard Thuaidh, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, D24 PXW0.