Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) rialtóir neamhspleách fuinnimh agus uisce na hÉireann. Bíonn tionchar ag obair an CRU ar gach teach agus gnó in Éirinn ag cinntiú soláthairtí fuinnimh agus uisce atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe chun leasa na gcustaiméirí go léir.

Cloíonn an CRU leis an gcleachtas is fearr maidir le feachtais earcaíochta agus roghnóireachta.

Is féidir leat teacht ar an leagan Gaeilge den Fhógra Earcaíochta CRU ag na naisc anseo.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil Cpl Ireland fostaithe ag an Coimisiún um Rialáil Fóntais mar phróiseálaí sonraí chun cabhrú leis an gcomórtas earcaíochta seo. Coimeádfar an t-eolas a bhaileoidh Cpl Ireland ar feadh 12 mhí i ndiaidh go dtabharfar an comórtas chun críche.

Post ar fáil faoi láthair

- Anailísí agus Anailísí Sinsearach

- Miondíola agus Custaiméirí Gníomhacha

- Oifigeach Imscrúdaithe

- Anailísí Sinsearach – Cúram do Chustaiméirí

Cliceáil anseo dá mhaith leat níos mó eolas agus conas a cur isteach ar phost.

Tairbhí

Cuirimid réimse tairbhí ar fáil dár bhfostaithe.

  • Tuarastal iomaíoch
  • Deis oibriú go cianda suas le 3 lá in aghaidh na seachtaine
  • Deis breisoideachas agus oiliúint a dhéanamh
  • Deis le haghaidh fás pearsanta agus forbairt gairme
  • Timpeallacht oibre chuimsitheach bhríomhar agus éagsúil
  • Deis chun difríocht a dhéanamh maidir le leas an phobail a chosaint in Uisce, i bhFuinneamh agus i Sábháilteacht Fuinnimh
  • Rochtain ar an Scéim Rothaíochta chun na hOibre/Coigilte Cánach
  • Teidlíocht saoire bhliantúil fhial
  • 11 lá saoire bainc / saoire phoiblí
  • Scéim phinsin atá tarraingteach
  • Socraithe oibre solúbtha a thacaíonn le teaghlaigh
  • Rochtain ar an gclár cúnaimh fostaithe
  • Clár folláine bliantúil
  • Saoire Mháithreachais, Atharthachta agus Tuismitheoirí láníoctha.

Comhdheiseanna

Is fostóir comhdheiseanna é CRF agus tá sé tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú san ionad oibre.

Conairí Gairme CRF

Tá róil éagsúla ag CRF ó ghráid ghinearálta i riarachán agus in anailís go róil speisialtóra lena n-éilítear scileanna agus cáilíochtaí san innealtóireacht, san eacnamaíocht, sa dlí, sa ghnó, etc.

Próiseas Earcaíochta

Ábhar gaolmhar