Tá sé de fhreagracht ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais a chinntiú go bhfaigheann custaiméirí agus úsáideoirí líonra luach a gcuid airgid agus go bhfaigheann na cuideachtaí líonra luach cothrom as a gcuid gníomhaíochtaí chun an t-infheistiú is gá a dhéanamh sna líonraí.

Rialuithe Praghais agus Athbhreithnithe

Tá sé de fhreagracht ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais rialáil eacnamaíoch a dhéanamh ar na cuideachtaí líonra in Éirinn. Chuige seo, socraíonn an CRF athbhreithnithe ar Phraghsanna nó Rialuithe Praghsanna le srian a chur ar an méid ioncaim ar féidir le ceadúnaithe ábhartha a ghnóthú ó chustaiméirí leictreachais.

Is é ról an CRF custaiméirí a chosaint trína chinntiú go gcaitheann na cuideachtaí líonra airgead custaiméirí go cuí agus go héifeachtúil chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar agus an t-infheistiú is gá a dhéanamh i mbonneagar.

Baineann an Coimisiún é sin amach trí:

  • trí chóras rialú praghsanna cúig bliana a chur i bhfeidhm
  • athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar ioncaim bliantúla
  • na táillí a shocrú a ghearrtar as an gcóras a úsáid
  • athbhreithniú a dhéanamh ar tháillí líonra eile agus iad a fhaomhadh