An suíomh gréasáin seo a úsáid

Coimeádann an CRF an suíomh gréasáin seo chun rochtain an phobail a fheabhsú ar fhaisnéis faoinár ngníomhaíochtaí agus faoinár mbeartais i gcoitinne. Is í an sprioc atá againn an fhaisnéis sin a choinneáil tráthúil agus cruinn. Má dhírítear ár n-aird ar earráidí, déanfaimid iarracht iad a cheartú. Ach ní ghlacann an CRF le freagracht nó le dliteanas ar bith, áfach, as an bhfaisnéis atá ar an suíomh seo.

Maidir leis an bhfaisnéis sin:

  • tá sí de chineál ginearálta amháin agus níl sí beartaithe chun tabhairt faoi imthosca sainiúla duine aonair nó eintitis ar leith;
  • ní gá go mbeadh sí cuimsitheach, iomlán, cruinn nó cothrom le dáta;
  • bíonn sí nasctha uaireanta le suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon rialú ag an CRF orthu agus nach nglacaimid aon fhreagracht astu;
  • ní hionann í agus comhairle ghairmiúil nó dhlíthiúil (má theastaíonn comhairle ar leith uait, ba cheart duit dul i gcomhairle i gcónaí le gairmí atá cáilithe go hoiriúnach).

Is í ár sprioc chun an cur isteach mar thoradh ar earráidí teicniúla a íoslaghdú. Ach tá seans ann, áfach, gur cruthaíodh nó gur leagadh amach sonraí nó faisnéis áirithe ar an suíomh dár gcuid i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí agus ní féidir linn a ráthú nach gcuirfear isteach ar ár seirbhís nó nach mbeidh tionchar eile uirthi mar thoradh ar fhadhbanna mar sin.

Ní ghlacann an CRF le freagracht ar bith maidir le fadhbanna mar sin a tharlaíonn mar thoradh ar úsáid an tsuímh seo nó ar úsáid suíomhanna seachtracha nasctha ar bith.