Cuspóir

Baineann an CRF leas as na meáin shóisialta chun:

  • feasacht a chothú maidir le cearta agus an úsáid a bhaintear as seirbhísí atá ar fáil do chustaiméirí fuinnimh agus uisce a mhéadú
  • cur leis an bhfeasacht agus leis an tuiscint maidir le ról agus feidhm an CRF agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara ábhartha a dhoimhniú.

Níl ár meáin shóisialta ceaptha a bheith mar bhealach chun teagmháil a dhéanamh leis an CRF ná chun iarratais meáin a sheoladh.

Infhaighteacht

Déanann an CRF na cuntais meán sóisialta a nuashonrú agus déanann sé monatóireacht orthu Luan go hAoine le linn gnáthuaireanta oifige.

Ní ghlacann an CRF aon fhreagracht as easpa seirbhíse le linn aga neamhfhónaimh aon ardáin meán sóisialta.

Foireann agus freagraí ar phostálacha

Déanann feidhmeanna Cumarsáide agus Acmhainní Daonna an CRF bainistiú ar chuntais meán sóisialta an CRF

Is baill foirne an CRF agus tríú páirtithe údaraithe amháin a fhéadfaidh ábhar agus aon fhreagraí a phostáil.

Seans go dtreoróimis tú chuig cáipéis nó leathanach ar ár suíomh gréasáin nó go seolfaimis tú chuig foireann ar leith sa CRF mura bhfuilimid in ann ceist chasta nó theicniúil a fhreagairt ina hiomláine i ngearrfhormáid atá oiriúnach do na meáin shóisialta.

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an CRF trí aon cheann de na sonraí teagmhála a liostaítear ar an suíomh gréasáin seo.

Ábhar a leanúint agus a athphostáil

Féadfaidh an CRF cuntais eile a leanúint ar na meáin shóisialta. Ní hionann sin agus formhuiniú de chineál ar bith ón CRF.

Má dhéanaimid ábhar a athphostáil/atvuíteáil, ní chiallaíonn an méid sin go dtacaímid le teachtaireacht an ábhair nó le postálacha an té a phostáil é nó leis an duine nó an eagraíocht féin a phostáil é.

Beartas modhnóireachta

Ní ghlacann an CRF freagracht as ábhar aon nóta tráchta ó 3ú pháirtithe a phostáiltear ar ardáin na meán sóisialta agus scriosfar nótaí tráchta a mheasann an CRF:

  • go bhfuil teanga mhaslach, gháirsiúil, mhígheanasach nó ionsaitheach iontu, nó go bhfuil nasc acu le hábhar gáirsiúil nó ionsaitheach
  • nach bhfuil siad ábhartha don ábhar a postáladh
  • gurb ionann iad agus turscar nó go bhfuil siad ag cur táirgí chun cinn nó ag déanamh fógraíocht ar tháirgí
  • go bhfuil siad ceaptha núis a dhéanamh do riarthóir an leathanaigh nó d’úsáideoirí eile

Séanadh

Níl an CRF freagrach as cleachtais príobháideachais aon suímh gréasáin nasctha, níl sé faoi dhliteanas i leith na gcleachtas sin agus ní thacaíonn sé leo. Baineann tú úsáid as suímh gréasáin na meán sóisialta ar do phriacal féin.

Ní ghlacann an CRF freagracht ná dliteanas i leith aon díobhála, caillteanais ná damáiste arna dtabhú mar thoradh ar aon úsáid nó aon chleithiúnas ar an bhfaisnéis agus ar an ábhar a fhaightear laistigh de na suíomhanna gréasáin sin nó a íoslódáiltear uathu.

Ardáin meán sóisialta

The CRU is active and can be followed on these platforms:
TwitterFor
@utilityregCRUNews stories and press releases Information on CRU decisions/publications/consultations Career opportunities with CRU Consumer information in video and graphic format Live tweeting of related sector events Other content as deemed appropriate
FacebookFor
https://www.facebook.com/utilityregCRUNews stories and press releases Information on CRU decisions/publications Consumer information in video and graphic format Other content as deemed appropriate
InstagramFor
@cruswitchonNews stories and press releases Consumer information in video and graphic format Other content as deemed appropriate
LinkedinFor
https://www.linkedin.com/company/commission-for-regulation-of-utilities/News stories and press releases Information on CRU decisions/publications/consultations Career opportunities with CRU Consumer information in video and graphic format Other content as deemed appropriate
YouTubeFor
https://www.youtube.com/channel/UCVUnXNkBf6MVljh6F7sOrAg?view_as=subscriberConsumer information in video and graphic format