Tá freagracht ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais as cinntiú go bhfuil feidhmiú líonraí gáis agus leictreachais na hÉireann:

  • ag teacht le rialacháin na hEorpa
  • oiriúnach don fheidhm i dtéarmaí riachtanais an chórais, éifeachtachta, polasaí náisiúnta agus leas an tomhaltóra.

Tá sé mar aidhm againn é sin a dhéanamh ar bhealach cothrom, neamhidirdhealaitheach agus ag an am céanna úsáid éifeachtach an líonra reatha a chur chun cinn. Chun é sin a bhaint amach:

  • cuirfimid chun feidhme Cóid agus Treoirlínte Líonra na hEorpa
  • socraimid polasaí chun custaiméirí, gineadóirí agus idirnascairí a cheangal leis an gcóras fuinnimh
  • cinntimid go mbeidh comhlachtaí líonra comhlíontach le riachtanais na hEorpa

Cóid Líonra

Forbraíodh Cóid Líonra na hEorpa nó treoirlínte mar chuid d’fhorfheidhmiú an Tríú Pacáiste Fuinnimh. Tacair de rialacha coiteanna san Aontas Eorpach trí chéile atá iontu agus tá feidhm acu le ceann amháin nó níos mó den earnáil fuinnimh. Mar Rialacháin na hEorpa, tá feidhm acu le hÉirinn gan iad a bheith tras-suite i ndlíthe náisiúnta nó creata rialála, mar go bhfuil Ballstáit faoi dhualgas Cóid Líonra na hEorpa a fhorfheidhmiú.

Sa chás nach gcomhlíonann Ballstát le Rialachán na hEorpa, d’fhéadfaí nósanna imeachta sáruithe a thionscain ina aghaidh, agus fíneálacha an-substaintiúil a bheith mar thoradh air.

Tugtar faoi chóid líonra a fhorfheidhmiú in Éirinn ar bhealach comhordaithe. Tá próiseas dian i gceist le gach cód líonra sula ndéanfar breithniú air a bheidh forfheidhmithe go hiomlán. Tá obair agus ionchur i gceist leis sin ó rannpháirtithe sa mhargadh, comhlachtaí líonra agus ó rialaitheoirí.

Féach ar Chóid Líonra Leictreachais an AE