An ról atá againn maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú.

In ár ráiteas Compliance and Enforcement Policy tugtar sonraí faoi na haidhmeanna agus na treoirphrionsabail atá taobh thiar de na bearta comhlíonta agus forfheidhmithe a dhéanaimid.

Cuireann an beartas seo cultúr

  • de chomhlíonadh chun cinn i measc na n-eintiteas rialáilte;
  • a leagann síos go soiléir cad leis a bhfuiltear ag súil ó pháirtithe leasmhara agus ón bpobal; agus
  • a chuireann gníomhartha forfheidhmithe i gcrích le cur ina luí ar dhaoine nach ciallmhar an mhaise dóibh a bheith neamhchomhlíontach maidir leis seo.

Cé a ndéanaimid rialú orthu?

Oibritheoirí líonra agus margaidh

Déanaimid rialú ar na sealbhóirí de cheadúnas líonra agus oibritheora margaidh seo a leanas in Éirinn.

  • EirGrid: an tOibreoir Córais Tarchurtha Leictreachais (OCTL) agus oibreoir margaidh leictreachais (OML).
  • An Bord Soláthair Leictreachais (BSL): úinéir na sócmhainní tarchurtha (ÚST) agus úinéir na sócmhainní dáilte leictreachais (ÚSDL).
  • Líonraí BSL: oibritheoir córais dáilte leictreachais (OCDL).
  • Líonraí Gáis Ireland (LGÉ): an t-oibreoir córais tarchurtha gáis (OCTG), úinéir na sócmhainní tarchurtha gáis (ÚSTG), oibreoir córais dáilte gáis (OCDG) agus úinéir na sócmhainní dáilte gáis (ÚSDG).

Tá ceanglais dochta chomhlíonta agus oibleagáidí tuairiscithe ar shealbhóirí ceadúnais a gcaithfear cloí leo faoi choinníollacha a gceadúnais.

An Margadh Leictreachais Aonair

Déanaimid maoirseacht ar chomhlíonadh maidir le gnéithe de rialacha an Single Electricity Market (MLA).

Is é an MLA an margadh leictreachais mórdhíola d’Oileán na hÉireann. Seo an áit ina ndéanann soláthraithe agus táirgeoirí leictreachas a mhalartú lena chéile sula ndíolann siad le custaiméirí é.

Is é an Coiste Margaidh Leictreachais Aonair (CMLA) a dhéanann rialú ar ghnóthaí MLA. Is é an aidhm atá ag CMLA ná:

  • leasanna tomhaltóirí leictreachais a chosaint
  • leas a bhaint as an MLA chun iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn maidir le leictreachas a dhíol nó a cheannach

Déantar idir mhonatóireacht réamhghníomhach agus mhonatóireacht fhrithghníomhach ar an margadh chun monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht. I gcásanna áirithe, déanann an CRF maoirseacht ar chomhlíontacht i gcomhar leis an Rialtóir Fóntais (RF) i dTuaisceart Éireann. I measc a chuid dualgas tá:

  • comhlíonadh na rannpháirtithe sa mhargadh a chíoradh trí roinnt gníomhaíochtaí sceidealaithe amhail:
    • tuairisciú sceidealaithe
    • monatóireacht dhinimiciúil
    • iniúchtaí sceidealaithe
  • monatóireacht fhrithghníomhach ar chomhlíontacht a dhéanamh mar fhreagairt ar:
    • anailísí ar theagmhais neamhghnácha sa mhargadh
    • anailísí ar ghearáin agus ar fhreagairtí maidir le torthaí a fuarthas ón Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh (REMIT)

I measc na ngníomhaíochtaí comhlíonta a dhéantar gach bliain tá:

  • Iniúchadh Margaidh ar an gCód Trádála agus Socraíochta
  • Iniúchadh ar Sceidealú agus ar Sheoladh
  • Ráiteas maidir le Cothromaíocht a Bhaint Amach Idir Prionsabail Mhargaidh

REMIT

Is acrainm é REGIT ar Rialachán maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh. Foráiltear leis go bhfuil rialacha margaidh agus creat monatóireachta ar fud an AE do mhargaí fuinnimh mórdhíola i leictreachas agus i ngás.

Is córas é chun tuairisciú a dhéanamh agus cosc a chur ar mhí-úsáid sa mhargadh fuinnimh mórdhíola agus tá sé i bhfeidhm ón 28 Nollaig 2011 i leith.

Cuireann REMIT creat rialála ar fáil a bhaineann go sonrach le margaí fuinnimh mórdhíola agus a shainmhíníonn drochúsáid mhargaidh, cúbláil margaidh san áireamh, iarracht ar chúbláil margaidh nó ar thrádáil cos istigh agus a éilíonn go nochtfaidh rannpháirtithe sa mhargadh faisnéis chos istigh go poiblí ar bhealach éifeachtach tráthúil. Cuireann sé de cheangal ar ghnólachtaí a shocraíonn idirbhearta go gairmiúil idirbhearta amhrasacha a thuairisciú.

Beidh muinín níos fearr ag tomhaltóirí, lucht tionscail agus rannpháirtithe eile sa mhargadh dá bharr go bhfuil praghsanna fuinnimh mórdhíola oscailte, cothrom agus iomaíoch.

Faoi REMIT caithfidh rannpháirtithe sa mhargadh clárú le CRF.

  • Maidir le heagraíochtaí a shocraíonn idirbhearta i leith táirgí fuinnimh mórdhíola in Éirinn, caithfidh siad suspicious transactions nó iompraíocht mhargaidh mhí-úsáideach a thuairisciú don CRF go pras.
  • Ní mór do rannpháirtithe sa mhargadh an CRF a chur ar an eolas má tá aon mhoill ar fhaisnéis chos istigh bainteach leo a thuairisciú.
  • Moltar do gach rannpháirtí an CRF a chur ar an eolas faoi idirbhearta amhrasacha nó ar sháruithe féideartha ar REMIT.

Sainmhíníonn REMIT “faisnéis chos istigh” mar fhaisnéis atá beacht, nach bhfuil ar eolas ag an bpobal go fóill faoi, agus a bhaineann go díreach nó go hindíreach le ceann amháin nó níos mó de tháirgí fuinnimh mórdhíola agus, dá mba rud é go raibh a fhios ag an bpobal faoi, is é is dóichí ná go ndéanfadh sé difear nach beag do phraghsanna na dtáirgí fuinnimh mórdhíola sin.

Maidir le cad is ‘idirbheart amhrasach’ ann, is féidir eolas a fháil faoi sin ag Agency for the Co-operation of Energy Regulators (ACER).

Chun idirbheart amhrasach nó sárú féideartha ar REMIT a thuairisciú, nó chun fógra a thabhairt maidir le moill a bheith ar fhaisnéis chos istigh a thuairisciú, bain leas le do thoil as ACER’s online notification platform.

Ba cheart don té i mbun fógra a thabhairt an PDF den fhógra sin a chur ar aghaidh, san fhoirm a ghinfidh ACER go huathoibríoch, i ríomhphoist chuig CRU ag: REMIT@cru.ie

Margaí Fuinnimh Miondíola

Déanaimid rialú ar shealbhóirí ceadúnais um sholáthar leictreachais agus gáis nádúrtha in Éirinn. Is iad na sealbhóirí ceadúnais seo a sholáthraíonn leictreachas agus/nó gás do chustaiméirí teaghlaigh agus/nó neamhtheaghlaigh.

Leagtar amach na ceanglais rialála ábhartha i reachtaíocht, i gceadúnais um sholáthar leictreachais/gáis, agus i Lámhleabhar na Soláthraithe Leictreachais agus Gáis.

Suíomhanna Gréasáin um Chomparáid Praghsanna (SGCPanna)

Is uirlis thábhachtach do chustaiméirí iad Suíomhanna Gréasáin um Chomparáid Praghsanna (SGCPanna) agus iad i mbun aistriú go soláthraí fuinnimh eile. Lena chois sin, cothaíonn siad iomaíocht sna margaí miondíola gáis agus leictreachais.

Bunaíodh an Creat Creidiúnaithe do Shuíomhanna Gréasáin um Chomparáid Praghsanna chun tacú le rialú a dhéanamh ar na SGCPanna atá creidiúnaithe ag an CRF. Cinntíonn sé seo go gcothaítear iomaíocht maidir le leictreachas agus gás a sholáthar a rachaidh chun sochair do chustaiméirí.

Má tá creidiúnú ag SGCP, tá cead aige lógó an CRF a léiriú ar a suíomh gréasáin. Bíonn meas níos mó ar SGCP má tá creidiúnú aige agus bíonn muinín níos mó ag tomhaltóirí as seirbhís dá chuid.

Déanann an CRF measúnú ar chomhlíontacht SGCPanna i leith cheanglais an chreata.

Tá trí SGCP ann a bhfuil creidiúnú CRF acu.

Is féidir na tuarascálacha iniúchta bliantúla is deireanaí ar SGCPanna a fháil ag here.

Conas a dhéanaimid monatóireacht ar chomhlíonadh agus conas a chuirimid chun cinn é

Imscrúduithe ar Chomhlíonadh agus ar Fhorfheidhmiú

Tugann an CRF faoi imscrúduithe comhlíonta a dhéanamh go rialta. Bhain formhór na n-imscrúduithe a rinneadh go dtí seo le cás ina raibh amhras ann faoi sholáthraí a bheith ag comhlíonadh na gceanglas i Lámhleabhar na Soláthraithe Leictreachais agus Gáis a d’eascair as coinníollacha a c(h)eadúnais. An chuid is mó den am, bímid in ann teacht ar réiteach ar shaincheisteanna trí iad a phlé le ceadúnaithe agus má tá siad sásta athruithe chun feabhais a dhéanamh ina leith ina dhiaidh sin.

I gcás imscrúduithe oifigiúla, foilsímid torthaí an imscrúduithe agus an beart atá le déanamh ag an gceadúnaí.

Imscrúduithe ar Chomhlíonadh

Údarú a Dheonú chun Tabhairt faoi Thógáil agus Ceadúnas chun Leictreachas a Ghiniúint

Má deonaíodh Authorisation to Construct or Reconstruct or a Licence to Generate duit, tá tú faoi réir pé dearbhú comhlíontachta agus bearta aighneachta a iarrfaidh an CRF ort.

Má thógann duine stáisiún giniúna nó má dhéanann sé nó sí athchóiriú ar cheann gan údarú a fháil, dlífear fíneáil a chur air nó uirthi suas le €100,000. Leagtar amach é seo sa Electricity Regulation Act 1999.

Mar an gcéanna, má ghineann duine leictreachas gan cheadúnas a bheith aige nó aici chuige sin, tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur air nó uirthi suas le €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma suas le 12 mhí, nó an dá rud.

Leagtar é seo amach in I.R. Uimh. 445/2000 - Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Margadh Inmheánach sa Leictreachas), 2000, arna leasú.

Pionóis Riaracháin

Ligeann an tAcht Fuinnimh, 2016 dúinn cur chuige a ghlacadh atá bunaithe ar phionóis iombhagartha chun cur ina luí ar eintitis rialaithe nach ciallmhar an mhaise dóibh a bheith neamhchomhlíontach. Leagann na forálacha dlí amach na réimsí inar féidir linn pionóis riaracháin a fhorchur. Áirítear leis seo cás ina mbíonn an sealbhóir ceadúnais faillíoch i leith cloí le caighdeáin feidhmíochta. Socraíonn an CRF na caighdeáin seo.

Tá sé mar chuid de chreat comhlíonta agus forfheidhmithe an CRF:

  • Fógraí faoi sháruithe, faoi threoracha, faoi chinntí, agus faoi cheadúnas a chúlghairm
  • ionstraimí eacnamaíocha trína ról maidir le hioncam a rialú chomh fada agus a bhaineann sé sin le hoibreoirí córais dáilte (OCDanna) agus oibreoirí córais tarchurtha (OCTanna)

Má thagann iompar míchuí chun solais le linn imscrúdú a dhéanamh, féadann an CRF mionphionós nó mórphionós a fhorchur.

  • Maidir le mionphionós a fhorchur, d’fhéadfaí é sin a dhéanamh i bhfoirm comhairle, foláireamh, rabhadh nó iomardú a thabhairt d’eintitis cheadúnaithe.
  • I measc na mórphionós a d’fhéadfaí a fhorchur tá treoir chun costais suas le €50,000 nó suas le 10% de láimhdeachas an cheadúnaithe a íoc leis an CRF.

Cur chuige an CRF i leith Pionóis Riaracháin agus Conas a Shocraítear Caighdeáin Feidhmíochta.

Caighdeáin Feidhmíochta

Le cur féidir leis an CRF pionóis a fhorchur, caithfimid na caighdeáin feidhmíochta a shocrú ar dtús.

Leagtar na caighdeáin feidhmíochta seo amach sa CRU Compliance and Enforcement Policy Statement.