Cé chomh Glas is atá d’Fhuinneamh

Ní mór do sholáthraithe leictreachais an meascán breoslaí a úsáidtear chun an leictreachas a sholáthraítear dóibh a ghiniúint a nochtadh dá gcustaiméirí ar bhonn bliantúil.

Ní mór do gach soláthraí atá ceadúnaithe in Éirinn faisnéis a chur i láthair ar a mbillí maidir leis an leictreachas a sholáthraíonn siad dá gcustaiméirí ionas go mbeidh na custaiméirí ábalta rogha eolasach a dhéanamh maidir le foinsí a gcuid leictreachais. Ní mór do sholáthraithe é sin a dhéanamh laistigh de dhá mhí ó fhoilsiú bliantúil páipéar faisnéise maidir le Nochtadh um Meascán Breoslaí CRF.

Nochtadh um Meascán Breoslaí

Leis an Nochtadh um Meascán Breoslaí (FMD) déantar idirdhealú idir soláthraithe, rud a chuireann ar chumas an tomhaltóra an soláthraí is fearr a oireann dá n-ionchais chomhshaoil a roghnú.

Cuirtear faisnéis iontaofa agus infhíoraithe i láthair i FMDanna maidir leis na foinsí leictreachais a úsáideann soláthraithe chun freastal ar riachtanais leictreachais a gcustaiméirí agus an tionchar comhshaoil a bhaineann leo. Déanann sé é sin tríd an meascán breoslaí a nochtadh mar chéatadán d’éileamh soláthraí a fhreastalaíonn ar fhoinsí éagsúla leictreachais agus déine na n-astaíochtaí (gram/kWh) dé-ocsaíde carbóin (CO2) lena mbaineann.

A bhuí le nochtadh an meascáin breoslaí agus astaíochtaí CO2 is féidir le tomhaltóirí tuiscint a fháil ar an tionchar comhshaoil le déanaí a d’imir an leictreachas a cheannaíonn siad agus rogha a dhéanamh idir soláthraithe ar an mbonn sin, i gcomparáid leis an meán Uile-Oileáin (Éire agus Tuaisceart Éireann).

Feictear an FMD ar bhillí agus ar ábhair bholscaireachta a eisítear do chustaiméirí.

DéanannOibritheoir an Mhargaidh Leictreachais Aonair (SEMO) ríomhanna FMD ar bhonn bliana féilire thar ceann CRF. Foilsíonn CRF sonraí déine astaíochtaí CO2 do gach soláthraí ansin.

Tá an fíorú ar na sonraí ina chuid de bhunús FMD gach soláthraí ar bhonn neamhspleách, ionas gur féidir le tomhaltóirí na hÉireann a bheith muiníneach faoi bhailíocht na bhfigiúirí FMD a fhoilsítear do chuideachtaí soláthair aonair.

Tuilleadh faisnéise faoin Nochtadh um Meascán Breoslaí.

Ráthaíochtaí maidir le Tionscnamh

Doiciméad leictreonach is ea é Ráthaíocht maidir le Tionscnaimh (GO) lena soláthraítear cruthúnas don chustaiméir deiridh gur táirgeadh sciar nó cainníocht áirithe fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite.

Is "lipéad glas" é go bunúsach lena dtugtar ráthaíocht don chustaiméir leictreachais go ngintear an leictreachas ó fhoinsí inathnuaite. Léiríonn gach aonad ráthaíochta maidir le tionscnamh in aghaidh na huaire meigeavata (MWh) de leictreachas ginte.

Is féidir GOnna a thrádáil ar fud an Aontais Eorpaigh, mar a cheanglaítear le dlí AE. Is ionstraimí intrádála iad agus ní gá dóibh an sreabhadh fuinnimh a leanúint. Is féidir GOnna a onnmhairiú ón Margadh Leictreachais Aonair (MLA) agus iad a allmhairiú chuig MLA chuig/ón gcuid eile den Aontas.

Chun cur leis an leictreachas arna fhoinsiú acu in Éirinn, is féidir le soláthraithe leictreachais na hÉireann GOnna breise a cheannach lena dheimhniú go bhfuil sciar níos mó dá n-éileamh ar leictreachas clúdaithe le foinsí inathnuaite, i.e., is féidir soláthar leictreachais glas fíoraithe in Éirinn a fhoinsiú ó leictreachas a tháirgtear go fisiciúil i dtíortha eile AE. Ciallaíonn sé sin gur féidir leis an meascán breoslaí a thaispeánann soláthraithe in Éirinn céatadán níos airde d’fhoinsí fuinnimh inathnuaite a bheith ag baint leis ná mar atá sa ghiniúint fhisiciúil iarbhír a dháiltear ar chustaiméirí deiridh tríd an eangach in Éirinn.

Is é SEMO an Comhlacht Eisiúna ainmnithe do GOnna in Éirinn. Cuireann soláthraithe leictreachais in Éirinn foirm dhearbhaithe um meascán breoslaí faoi bhráid SEMO gach bliain, agus ríomhann SEMO an meascán breoslaí de réir creat rialála arna bhunú ag CRF.

Tá SEMO ina bhall freisin de Chomhlachas na gComhlachtaí Eisiúna (AIB) a éascaíonn malartú idirnáisiúnta Ráthaíochtaí maidir le Tionscnaimh tríd an mol teileachumarsáide idir-chláraithe (mol AIB). Cinntíonn AIB freisin nach mbeidh comhaireamh dúbailte mar thoradh ar rianú leictreachais. Leis an mol AIB is féidir le soláthraithe sochar inathnuaite gineadóirí áirithe ar fud na hEorpa a cheannach (nó a dhíol) agus é a áireamh ina meascán breoslaí iomlán.

Fíorú Táirge ó Foinse Ghlas (GSPV)

Is féidir le soláthraí in Éirinn nach bhfuil a meán-mheascán breoslaí iomlán 100% inathnuaite fós táirgí leictreachais ó Fhoinse Ghlas a thairiscint dá thomhaltóirí. Sna cásanna sin, cuidíonn próiseas Fíorú Táirge ó Fhoinse Ghlas (GSPV) CRF lena chinntiú go bhfaighidh cuideachtaí soláthair dá leithéid go leor leictreachais ó fhoinsí inathnuaite agus dintiúir GO chun freastal ar an éileamh iomlán a chomhfhreagraíonn do na táirgí Foinse Glaise sin.

Ní mór do sholáthraithe leictreachais in Éirinn a thairgeann táirgí glasa, nach bhfuil FMD bliantúil de 100% d’fhoinsí breosla inathnuaite acu, idirtheagmháil a dhéanamh le SEMO a chuirfidh in iúl dóibh cad a theastaíonn lena dtáirge ó fhoinse ghlas a fhíorú. Tá na soláthraithe sin a bhfuil sé cruthaithe acu go bhfoinsítear a gcuid leictreachais 100% ó fhoinsí inathnuaite tríd an FMD díolmhaithe ón bpróiseas GSPV toisc go bhfuil a n-éilimh “ghlasa” cruthaithe acu cheana féin (trí sheiceálacha cuí).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise nó ceisteanna a bhaineann leis an FMD, GOnna nó GSPV, déan teagmháil linn ag fuelmix@cru.ie.