Gás

Is ar Gas Networks Ireland atá an fhreagracht as gach ceangal nua leis an líonra tarchurtha agus dáilte gáis. Déantar na ceangail sin a bhainistiú i gcomhar leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais.

Is polasaí singil Polasaí Ceangal Gas Networks Ireland a dhéileálann le ceangail leis na líonraí gáis agus leictreachais.

Is é aidhm an polasaí seo an ceangal a chur ar fáil do chustaiméirí gáis nua ar bhealach éifeachtach.

Leagann an polasaí seo amach na coinníollacha atá i gceist le measúnú a dhéanamh an líonra gás a shíneadh, agus san áireamh leis sin tá síneadh chuig bailte nach bhfuil gás nádúrtha ag dul chomh fada leo i láthair na huaire.

Leictreachas

Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntais a shocraíonn an polasaí i ndáil le ceangal a dhéanamh leis an líonra leictreachais in Éirinn.

Réitíonn an Coimisiún na polasaithe do chustaiméirí a bhfuil uathu ceangal a dhéanamh le líonraí gáis agus leictreachais na hÉireann. Déanann na hOibritheoirí Córais tairiscintí a eisiúint do ghineadóirí agus do thionscadail stórala bunaithe ar threoracha polasaí an Choimisiúin. Is é EirGrid an tOibritheoir Córais Tarchurtha (TSO) agus is é ESB Networks an tOibritheoir Córais Dáilte (DSO). Is é Gas Networks Ireland an TSO agus an DSO don líonra gáis.

Ba cheart do chustaiméirí atá ag iarraidh ceangail leis an líonra gáis féachaint ar pholasaí ceangail Gas Networks Ireland:

https://www.gasnetworks.ie/home/get-connected/the-connection-process-explained

Ba cheart do chustaiméirí atá ag iarraidh níos mó ná 40 MW a nascadh in aon láthair amháin féachaint ar fhaisnéis ceangail EirGrid Transmission:

http://www.eirgridgroup.com/customer-and-industry/becoming-a-customer/

Ba cheart do chustaiméirí atá ag iarraidh suas le 40 MW a nascadh in aon láthair amháin féachaint ar fhaisnéis ceangail ESB Networks Distribution:

https://www.esbnetworks.ie/new-connections