Céard is Saoráil Faisnéise (FOI) ann?

Leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (an tAcht) ceadaítear duit rochtain a iarraidh ar fhaisnéis atá i seilbh an CRF agus nach bhfuil ar fáil go poiblí ar seachas sin.

Ceart chun rochtana

Bunaítear trí cheart reachtúla leis an Acht.

  • Ceart dlíthiúil do gach duine chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí.
  • Ceart dlíthiúil ag gach duine chun faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin a leasú i gcás ina bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
  • Ceart dlíthiúil chun cúiseanna le cinntí a bhaineann leis an duine féin a fháil.

Ní bhaineann an ceart rochtana le “taifid díolmhaithe” a shonraítear go mion san Acht.

Ní foláir go dtiocfaidh sé sin le leas an phobail agus le ceart chun príobháideachta daoine aonair.

Féach an suíomh Gréasáin Saoráil Faisnéise chun an reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise a léamh.

Conas iarratas FOI a dhéanamh

Sula ndéanfaidh tú iarratas FOI, cuardaigh ar suíomh gréasáin lena fáil amach an bhfuil an fhaisnéis atá uait ar fáil. Mura bhfuil tú ábalta an fhaisnéis atá uait a fháil, seol ríomhphost chuig foi@cru.ie.

Ní mór iarratais fhoirmiúla SF a bheith i scríbhinn.

Is féidir leat d’iarratas a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig foi@cru.ie

Nó, d’iarratas FOI a sheoladh chuig:

Oifigeach um Shaoráil Faisnéise

Teach an Ghráin
An Malartán
Cearnóg Belgard Thuaidh
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24, D24 PXW0

Cad atá le cur i d’iarratas

Ba chóir duit a chur in iúl go bhfuil t-iarratas á dhéanamh faoin Acht, tabhair a mhéid sonraí agus is féidir i d’iarratas agus sonraigh an fhoirm agus an modh rochtana a theastaíonn. Cuideoidh sé sin lenár bhfoireann taifid ábhartha a aimsiú. Má tá fadhbanna agat maidir leis na taifid atá á lorg agat a aithint, is féidir linn cuidiú leat d’iarratas a ullmhú.

Cathain is ceart a bheith ag súil le freagra

I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlacht poiblí freagra a thabhairt ar iarratas FOI tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ón dáta a gheofar iarratas bailí.

Táillí agus muirir

Gearrtar táillí agus muirir ar roinnt cineálacha iarratas FOI.

Ní ghearrfar aon táillí ar iarratais ar fhaisnéis phearsanta ach amháin i gcás go gcaithfimid líon mór taifead a scaoileadh ina leith. D’fhéadfadh táillí cóipeála a bheith i gceist, i gcásanna den sórt sin.

Maidir le hiarratais neamhphearsanta, gearrfar táillí as an am a chaitear ag cuardach agus ag aisghabháil taifead agus táille aisghabhála.

Type of ChargeCost
Search and retrieval of records€20 per hour
Photocopying/scanning/printing4 cent per sheet
CD-ROM containing copy of documents€10
Radiograph (X-ray) containing copy documents€6

Tá an táille cuardaigh agus aisghabhála bunaithe ar mheastachán ar an am a chaithfidh an CRF ag aimsiú agus ag bailiú na dtaifead le haghaidh cinnteoireachta. Áirítear air sin:

  • a fháil amach an bhfuil na taifid againn.
  • na taifid atá laistigh de raon feidhme an iarratais a aimsiú.
  • na taifid sin a aisghabháil.
  • an fhaisnéis agus/nó na taifid a bhaint as na comhaid, as an doiciméad, as foinse leictreonach nó as foinse faisnéise eile ina bhfuil an fhaisnéis sin agus ábhar eile nach mbaineann leis an iarratas.
  • Sceideal Taifead a ullmhú ina sonrófar na taifid a d'fhéadfaí a scaoileadh.

Teorainneacha le táillí agus muirir

Baineann uasteorainneacha agus íosteorainneacha le téarmaí na muirear a bhfuil iarratas FOI faoina réir.

  • Mura mó na táillí agus na muirir ná €101 ní ghearrfar aon táille.
  • Má bhíonn siad níos mó ná €101 agus faoi bhun €500, beidh siad iníoctha agus féadfaidh CRF éarlais a iarraidh, arb ionann é agus 20% den mheastachán iomlán de ghnáth. Ní mór an éarlais a íoc sula dtosaíonn CRF an próiseas cuardaigh agus aisghabhála. Ní mór an costas iomlán a íoc sula scaoilfear na taifid.
  • Má bhíonn na costais mheasta chuardaigh agus aisghabhála níos mó ná €700, cuirfidh CRF é sin in iúl don iarrthóir agus iarrfaidh sé ar an iarrthóir raon feidhme an iarratais a chaolú. Mura mbeidh an t-iarrthóir sásta an t-iarratas a bheachtú, féadfaidh CRF diúltú an t-iarratas a phróiseáil de réir Alt 15 den Acht, nó féadfaidh CRF a chinneadh an t-iarratas a phróiseáil agus beidh ar an iarrthóir costas iomlán an chuardaigh agus na haisghabhála a íoc.

Éarlais agus íocaíocht

Nuair a gheobhaidh CRF éarlais cuirfear tús le próiseáil an iarratais FOI. Ní chuirfear taifid ar fáil don iarrthóir go dtí go bhfaighidh CRF an íocaíocht iomlán.

Táillí laghdaithe agus tarscaoileadh

Sonraítear in alt 27(6) den Acht i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a bheidh á cuardach ina chuidiú ar leith chun saincheist a bhfuil tábhacht náisiúnta léi a thuiscint, féadfar na costais a tharscaoileadh.

Táillí próisis ar Athbhreithniú Inmheánach

Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh FOI beidh táille €30 i gceist. Baineann táille laghdaithe €10 le sealbhóirí cárta leighis.

Ní ghearrfar aon táille ar iarratais ar Athbhreithniú Inmheánach a bhaineann le faisnéis phearsanta a bhaineann leis an duine féin amháin nó maidir le cinneadh táille nó éarlais a fhorchur.

Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise

Nuair a bheidh athbhreithniú inmheánach déanta, féadfaidh iarratasóir athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a iarraidh ar an gCoimisinéir Faisnéise. Chomh maith leis sin, mura mbeidh freagra ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach faighte agat laistigh de thrí seachtaine, meastar gur diúltú é sin agus féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir.

Is féidir achomhairc i scríbhinn a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:

Oifigeach an Choimisinéara Faisnéise
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Guthán: (01) 639 5689
Íosghlao: 1890 22 30 30
Facs: (01) 661 0570
www.oic.ie

Beidh a chinntí nó a cinntí ceangailteach, faoi réir achomharc chun na hArd-Chúirte ar phointe dlí.

  • Ní mór táille chaighdeánach €50 a bheith ag gabháil le hiarratais chuig an gCoimisinéir Faisnéise ar athbhreithniú ar chinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí faoi alt 22.
  • Beidh táille laghdaithe €15 i gceist sna cásanna seo a leanas
  1. más sealbhóir cárta leighis nó cleithiúnaí sealbhóra cárta leighis an duine a bhaineann leis an iarratas nó
  2. má shonraítear an duine in alt 38(2) i.e. tríú páirtí a bhfuil an ceart aige nó aici iarratas a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise i gcás ina gcinnfidh comhlacht poiblí a gcuid faisnéise a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail.