Cad is Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE) ann

Tá sé de cheart ag daoine den phobal eolas agus rochtain a bheith acu ar an timpeallacht mórthimpeall orthu. Cabhraíonn sé le daoine páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht timpeallachta ar bhealach feasach.

Rialacháin AIE

Tá rochtain ag daoine den phobal ar an eolas seo trí rialacháin an AIE. Faoi na rialacháin seo, ba cheart go gcuirfeadh údarás poiblí eolas timpeallachta ar fáil d’aon duine a bhíonn á n-iarraidh.

Tá nósanna imeachta i bhfeidhm don phróiseas seo agus d’fhéadfaí rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú i gcúinsí áirithe. Tá próiseas achomhairc i bhfeidhm ar eagla nach bhfuil duine sásta leis an gcinneadh a rinneadh ar a (h)iarratas.

Don liosta ar na rialúcháin AIE ar fad, téigh go dtí suíomh gréasáin an rialtais Rochtain ar Fhaisnéis ar an Timpeallacht (AIE).

Conas iarratas AIE a dhéanamh

Sula ndéanfaidh tú iarratas AIE, cuardaigh ar ár suíomh gréasáin lena fáil amach an bhfuil an fhaisnéis atá uait ar fáil. Mura bhfuil tú ábalta an fhaisnéis atá uait a fháil, seol ríomhphost chuig foi@cru.ie.

Ba cheart iarratais fhoirmeálta AIE a dhéanamh i scríbhinn.

Is féidir leat d’iarratas a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig: foi@cru.ie

Nó, d’iarratas AIE a sheoladh chuig:

AIE

An Coimisiún um Rialáil Fóntais

The Grain House

An Malartán

Cearnóg Belgard Thuaidh

Tamhlacht

Baile Átha Cliath 24, D24 PXW0

Éire

Cad atá le cur i d’iarratas

Ba cheart go mbeadh an t-iarratas:

  • ag rá go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi rialacháin an AIE;
  • ag soláthar sonraí teagmhála i rith an lae
  • ag léiriú an t-eolas timpeallachta sainiúil atá ag teastáil go soiléir, agus
  • ag sonrú chineál agus chaoi na rochtana atá ag teastáil

Cathain is ceart a bheith ag súil le freagra

I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlacht poiblí freagra a thabhairt ar iarratas AIE tráth nach déanaí ná mí ón dáta a gheofar iarratas bailí.

Táillí agus muirir

D’fhéadfadh údarás poiblí táille réasúnach a mhuirearú as eolas timpeallachta a chur ar fáil de réir rialacháin an AIE.

Cuirfear aon táillí nó muirir in iúl duit roimh ré. Ní foláir duit íoc astu sula gcuirfear an t-eolas ar fáil.

Information typeStandard fee or charge
Search and retrieval of documents€20 per hour fee
Photocopying documents4 cent per sheet
CD-ROM containing copy of documents€10
Radiograph (X-ray) containing copy documents€6
Access to information
Information sent by email Free of charge
Onsite access to view documentsFree of charge

Féadfar na táillí seo a chur ar leataobh i gcásanna áirithe. Nuair a mheastar go mbeidh an costas níos lú ná €10, féadfar aon chostas a bhaineann leis an eolas a chur fáil a chur ar leataobh.

Nós Imeachta Achomhairc

Má dhiúltaítear le cuid de d’iarratas timpeallachta nó le d’iarratas iomlán, nó má cheapann tú nár déileáladh le d’iarratas i gceart de réir fhorálacha Rialacháin AIE, d’fhéadfá, laistigh de mhí i ndiaidh an cinneadh a fháil, iarratas a dhéanamh ar an CRF athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an gcinneadh.

Ní ghearrfar aon táille don phróiseas athbhreithnithe inmheánach.

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh i ndiaidh an phróisis athbhreithnithe inmheánaigh, d’fhéadfá an t-ábhar a achomharc, i scríbhinn, go dtí an Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil ag an seoladh seo a leanas:

An Oifig don Choimisinéir Faisnéise
6 Port an Iarla,
Baile Átha Cliath 2,
D02 W773.

Fón: +353 (1) 639 5689

Ríomhphost: applications@oic.ie

Má theastaíonn uait achomharc a dhéanamh, ní foláir duit táille €50 a íoc go dtí an Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil.

Baineann táille achomhairc laghdaithe de €15 le sealbhóirí cártaí leighis, a gcleithiúnaithe, agus tríú páirtithe atá ag déanamh achomhairc ar chinneadh chun faisnéis áirithe a roinnt.

D’fhéadfaí an táille seo a chur ar leataobh, mar shampla, nuair nach raibh faisnéis timpeallachta soláthartha laistigh den tréimhse ama chéanna.