Faoin reachtaíocht sin, déanfaidh CRF an méid seo a leanas:

  • A chinntiú go gcuirfear méadair ar phraghas iomaíoch ar fáil do chustaiméirí deiridh ar a léireofar go cruinn a n-ídiú fuinnimh iarbhír.
  • Treoirlínte a fhorbairt chun féidearthacht theicniúil agus cost-éifeachtúlacht an mhéadraithe/leithdháilte costais a chinneadh.
  • Rialacha náisiúnta maidir le leithdháileadh costais téimh agus fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán/ilfheidhmeacha a fhorbairt agus a fhoilsiú.
  • Trédhearcacht agus cruinneas cuntasaíochta maidir le hídiú aonair a chinntiú.
  • Treoirlínte a fhorbairt maidir le cúinsí ina bhféadfadh sé a bheith cost-éifeachtúil na méadair reatha agus na leithdháilteoirí costais téimh nach féidir a léamh go cianda a athsholáthar.
  • Treoirlínte a fhorbairt lena gcinnteofar go mbeidh an fhaisnéis billeála agus ídithe iontaofa, cruinn agus bunaithe ar ídiú iarbhír.
  • Íosriachtanais a fhorbairt chun faisnéis a sholáthar ar bhillí custaiméirí.
  • A chinntiú go dtairgfear an rogha um billeáil leictreonach agus socruithe solúbtha íocaíochta do chustaiméirí.
  • A chinntiú go bhfaighidh custaiméirí a gcuid billí agus faisnéis billeála saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag custaiméirí ar a sonraí ídithe ar bhealach cuí.
  • Seirbhís réitithe díospóidí agus gearán do chustaiméirí a sholáthar agus tuarascáil bhliantúil a sholáthar don Aire maidir le gearáin.

Tá creat rialála á fhorbairt ag CRF don earnáil anois agus rachaidh sé i gcomhairle go poiblí maidir leis sin in am trátha.

Ar leithligh, faoi I.R. 350 de 2022, ní mór do CRF a chinntiú go gcuirtear faisnéis ar fáil do thomhaltóirí deiridh téimh ceantair maidir leis an bhfeidhmíocht fuinnimh agus an sciar den fhuinneamh in-athnuaite a úsáidtear ina gcóras téimh agus fuaraithe ceantair. Is féidir é sin a chur ar fáil ar bhille deiridh tomhaltóra nó ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí, agus ní mór é a chur ar fáil freisin, arna iarraidh sin, ón soláthraí.

Ceanglóidh CRF ar sholáthraithe téimh ceantair freisin clárú le CRF agus foilseoimid sonraí faoin bpróiseas clárúcháin do sholáthraithe ar ár suíomh gréasáin go luath.

Chun tuilleadh eolais a fháil, nó má bhíonn ceisteanna ar bith agat, déan teagmháil le foireann an Téimh Ceantair ag CRF ag districtheating@cru.ie