Ár Ról maidir le Ceadúnais a Dheonú

Déanann CRF údaruithe agus ceadúnais leictreachais a dheonú, a mhodhnú, a chúlghairm agus a fhorfheidhmiú agus déanann sé monatóireacht orthu. Tá an ról sin leagtha amach san Acht um Rialáil Leictreachais 1999, arna leasú.

Cineálacha ceadúnas agus údaruithe

  • Le Ceadúnas um Ghiniúint ceadaítear do dhuine leictreachas a ghiniúint.
  • Le hÚdarú um Thógáil nó um Atógáil ceadaítear do dhuine stáisiún giniúna a thógáil nó a atógáil.

Féach ar na

Sealbhóirí Ceadúnais – Údarú um Thógáil nó um Atógáil

sealbhóir Ceadúnais – Ceadúnas um Ghiniúint atá ann cheana

Conas iarratas a dhéanamh

Cruinniú réamh-iarratais

Molaimid cruinnithe réamh-iarratais d’iarratasóirí nua nó d’iarratasóirí a bhfuil iarratais nua nó chasta ag baint leo.

Ag an gcruinniú sin, leagfaidh an CRF amach an próiseas iarratais agus measúnaithe. Tabharfaimid freagra ar do cheisteanna freisin i ndiaidh duit athbhreithniú a dhéanamh ar na nótaí treorach agus ar na foirmeacha iarratais.

Seol ríomhphost chugainn chun cruinniú réamh-iarratais a shocrú: licensing@cru.ie

*Tabhair do d’aire, le do thoil, ón 7 Meán Fómhair 2022, go ndearnadh Ranna 383 agus 384 de 2008 a aisghairm agus cuireadh IRanna 459 agus 460 de 2022 ina n-ionad. Cuirtear próiseas fógartha nua i bhfeidhm leo sin maidir le stáisiúin ghiniúna a bhfuil toilleadh suiteáilte acu ar mó ná 1 MW é ach nach mó ná 10 MW é. Nuashonraíodh na nótaí Treorach chun teacht leis an bpróiseas nua sin, agus tá an fhoirm Fógra le fáil ag na naisc thíos

Nótaí Treorach

Léigh na Nótaí Treorach sula ndéanfaidh tú d’iarratas a ullmhú agus a chur isteach. Cuideoidh siad lena chinntiú gur féidir d’iarratas a mheasúnú go héifeachtach. Sonraítear sna Nótaí Treorach:

  • na hamanna measta reatha maidir leis na hiarratais
  • an fhaisnéis agus na doiciméid tacaíochta a theastaíonn le haghaidh iarratas bailí
  • Ceisteanna Coitianta úsáideacha
  • seiceáil iomláine lena húsáid sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach
  • Sonraí bainc CRF chun táillí a íoc

Is féidir leat teacht ar an tseiceáil iomláine in Aguisín I de na nótaí treorach. Sonraítear inti an fhaisnéis agus na doiciméid tacaíochta a theastaíonn le haghaidh iarratas bailí. Úsáid é sin chun d’iarratas a sheiceáil sula gcuirtear isteach é.

Nótaí Treorach- Údarú um Thógáil

Nótaí Treorach- Údarú um Thógáil

Tugtar na nótaí treorach cothrom le dáta go rialta. Ba cheart d’iarratasóirí an leagan is déanaí ón suíomh gréasáin a úsáid i gcónaí.

Nuashonrú is déanaí: Bealtaine 2022.

Foirmeacha iarratais

Chun iarratas a dhéanamh, roghnaigh an fhoirm cheart do d’iarratas. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Cheadúnas agus ar Údarú araon ag an am céanna, bain úsáid as foirm do Dhá iarratas.

Tabhair do d’aire le do thoil go dtugtar na foirmeacha iarratais cothrom le dáta go rialta. Ba cheart d’iarratasóirí an leagan is déanaí ón suíomh gréasáin a úsáid i gcónaí.

Nuashonrú is déanaí: Bealtaine 2022.

Táillí iarratais

Is iad sin na táillí iarratais ar cheadúnais agus ar údaruithe. Ní mór an táille a íoc trí Ríomhaistriú Airgid (RAA) nuair a chuirfear isteach an t-iarratas. Gheobhaidh tú sonraí bainc an CRF sna Nótaí Treorach.

Táillí Iarratais

Installed Capacity of Generating StationAuthorisation to ConstructLicence to Generate
1 MW to <5 MW€35€35
5 MW to <15 MW€100€55
15 MW to 40MW€100€100
>40 MW to <50 MW€995€200
50 MW to <100 MW€1,995€400
100 MW to <200 MW€6,635€1,330
200 MW to <500 MW€16,590€3,320
500 MW and greater€19,905€3,980

Cloí le d'Údarú/do Cheadúnas

Chun cloí le coinníollacha do Údaraithe agus/nó do Cheadúnais, ní mór duit faisnéis áirithe a chur faoi bhráid an CRF ar bhonn rialta.

Bain úsáid as na Nótaí Treorach seo faoi Chomhlíonadh chun taisceadh maidir le comhlíonadh a ullmhú.

Comhlíonadh Ceadúnais um Ghiniúint - Nóta Treorach

Comhlíonadh Sealbhóirí Údaraithe um Ghiniúint - Treoir ar Thuarascálacha ar Dhul Chun Cinn

Forfheidhmiú

Má thógann duine stáisiún giniúna nó má dhéanann sé nó sí athchóiriú ar cheann gan údarú a fháil, dlífear fíneáil a chur air nó uirthi suas le €127,000. Tá na cumhachtaí sin leagtha amach in alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999 arna leasú.

Mar an gcéanna, má ghineann duine leictreachas gan ceadúnas a bheith aige nó aici chuige sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur air nó uirthi suas le €1,904 nó príosúnacht ar feadh téarma suas le 12 mhí, nó an dá rud. Tá na cumhachtaí sin leagtha amach in I.R. 445 de 2000.

Sannadh nó Aistriú

Is ionann Sannadh nó Aistriú Údaraithe agus/nó Ceadúnais agus athrú ar an eintiteas a bhfuil an tÚdarú um Thógáil nó Atógáil agus/nó Ceadúnas um Giniúint aige nó aici. Athraítear ainm (shealbhóir an Údaraithe/Cheadúnais) ar an Údarú agus/nó ar an gCeadúnas mar thoradh air sin.

Réamhcheadú

Ceanglaítear ar gach sealbhóir Údaraithe/ gach Ceadúnaí faoi choinníollacha a nÚdaraithe agus/nó a gCeadúnais iarratas a dhéanamh ar réamhcheadú ón CRF sula ndéanfar aon Údarú agus/nó aon Cheadúnas a shannadh nó a aistriú. Mura ndéanann tú amhlaidh, d’fhéadfadh forais a bheith ann chun d’Údarú/Ceadúnas a chúlghairm.

Ní mór don CRF a bheith sásta go bhfuil an neart airgeadais, teicniúil agus bainistíochta a theastaíonn roimh an sannadh nó an aistriú ag an sealbhóir Údaraithe/Ceadúnaí beartaithe, agus ar deireadh nach mbeidh drochthionchar ag an sannadh nó ag an aistriú ar chumas an tsealbhóra údaraithe/ceadúnais cloí leis na coinníollacha údaraithe/ceadúnais.

I gcás inar thoiligh an CRF i scríbhinn le Sannadh nó Aistriú an Údaraithe agus/nó an Cheadúnais, ba cheart éifeacht a thabhairt leis an Sannadh nó leis an Aistriú a luaithe is féidir i ndiaidh toiliú a thabhairt.

Úsáid an fhoirm Iarratas ar Shannadh nó ar Aistriú chun iarratas a dhéanamh ar réamhcheadú chun Údarú agus/nó Ceadúnas a Shannadh nó a Aistriú. Tá sonraí maidir le conas d’iarratas a chur isteach san áireamh ar an bhfoirm.

Déanfaidh an CRF a dhícheall freagra a thabhairt ar d’iarratas laistigh de 8 seachtaine.

Athrú ar rialú

Is éard is Athrú ar Rialú Údaraithe agus/nó Ceadúnais ann ná athrú ar na scairshealbhóirí a bhfuil an tÚdarú um Thógáil nó um Atógáil agus/nó Ceadúnas um Ghiniúint acu, ach go gcoinnítear ainm an tSealbhóra Údaraithe/Ceadúnais mar a bhí.

Ceanglaítear ar gach sealbhóir Údaraithe/ gach Ceadúnaí faoi choinníollacha a nÚdaraithe agus/nó a gCeadúnais fógra a thabhairt don CRF maidir le hAthrú ar Rialú a luaithe is féidir nuair a dhéanfar athrú mar sin ar rialú. Mura ndéanann tú amhlaidh, d’fhéadfadh forais a bheith ann chun d’Údarú/Ceadúnas a chúlghairm.

Molann an CRF nach mór fógra a thabhairt don CRF faoi aon Athrú ar Rialú sula ndéanfar an t-athrú. Cuirtear ar chumas an CRF leis sin bheith sásta go bhfuil an neart airgeadais, teicniúil agus bainistíochta ag an scairshealbhóir nua a theastaíonn sula ndéanfar an t-athrú, agus ar deireadh nach mbeidh drochthionchar ag an Athrú ar Rialú ar chumas an tsealbhóra údaraithe/ceadúnais cloí leis na coinníollacha údaraithe/ceadúnais.

Más rud é, i ndiaidh fógra a thabhairt don CRF maidir le hAthrú ar Rialú, go measfaidh an CRF nach bhfuil na cumais airgeadais, theicniúla nó bhainistíochta iomchuí ag an scairshealbhóir/scairshealbhóirí nua, féadfaidh an CRF an t-údarú/an ceadúnas a chúlghairm agus/nó Athrú eile ar Rialú a iarraidh, de réir choinníollacha an cheadúnais nó an údaraithe a eisíodh.

Chun iarratas a dhéanamh ar Athrú ar Rialú nó fógra a thabhairt ina leith, comhlánaigh an Fhoirm Iarratais ar Athrú ar Rialú le do thoil. Tá sonraí maidir le conas d’iarratas a chur isteach san áireamh san fhoirm.

Déanann an CRF a dhícheall freagra a thabhairt ar d’iarratas laistigh de 6 seachtaine.