Ceadúnais Iompair agus Soláthair Gáis Nádúrtha

Deonaíonn, cúlghaireann agus forfheidhmíonn an Coimisiún um Rialáil Fóntais Ceadúnais Iompair agus Soláthair Gáis Nádúrtha. Teastaíonn ceadúnas iompair agus/nó soláthair ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais ó duine nó comhlacht ar bith a bhfuil sé beartaithe acu gás nádúrtha a iompar nó a sholáthar do chustaiméir deiridh.

Lastóirí gáis nádúrtha

Tugann lastóir gáis gás isteach sa chóras iompair le haghaidh a sheachadta go hárais chónaithe agus go háitribh. Tá an córas iompair á bhainistiú ag Gas Networks Ireland (GNI) faoi shocruithe conartha (an Cód Oibríochtaí) idir lastóirí agus an GNI.

Soláthraí Gáis

Tá caidreamh conartha idir soláthraithe gáis agus custaiméirí deiridh chun críche gás a sholáthar.Tá roinnt custaiméirí deiridh atá an-mhór agus a ghníomhaíonn mar sholáthraithe dóibh féin.

Riachtanais Tráchtála

Ní mór do lastóirí agus do sholáthraithe gáis ionchasacha roinnt riachtanais tráchtála a chomhlíonadh. Tá tuilleadh eolas ar fáil ag Gas Networks Ireland - Seirbhísí do Lastóirí agus do Sholáthraithe.

Sannaithe agus Aistriú, Athrú Rialaithe, Sínithe agus Cúlghairm

Tar éis do cheadúnas a bheith bronnta agus eisithe, d’fhéadfadh ceadúnaithe iarraidh ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais cead a thabhairt dóibh le haghaidh: