Ceadúnais Sábháilteachta GPL

Tá sé tábhachtach go ndéanfar rialú maidir le sábháilteacht ar gach oibritheoir líonraí GPL píopaithe. Is ar mhaithe leis an bpobal a chosaint é sin, agus custaiméirí go háirithe, ó na rioscaí sábháilteachta a bhaineann le líonraí GPL píopaithe.

Bhronn an Coimisiún um Rialáil Fóntais Ceadúnais Sábháilteachta GPL ar na gnóthais GPL seo a leanas in 2015:

Bronntar ceadúnais de réir alt 9JE (3) den Acht um Rialáil Leictreachais 1999, arna leasú ag an Acht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2012.

Ceadúnas Sábháilteachta GPL Aicme 1

Samplaí de cheadúnas sábháilteachta GPL Aicme 1 is ea na ceadúnas sábháilteachta GPL a eisíodh do Calor Teoranta agus Flogas Ireland Limited. Éilítear Ceadúnas Sábháilteachta GPL Aicme 1 agus cás sábháilteachta sa chás go n-iompórtálann duine GPL nó go gceannaíonn sé GPL go díreach ó scaglann laistigh den Stát agus a bhfuil níos mó ná 10 líonra dáilte GPL píopaithe á fheidhmiú aige.

Ceadúnas Sábháilteachta GPL Aicme 2

Tá an Coimisiún um Rialáil Fóntais ag fanacht go ndéanfar athruithe ar an reachtaíocht chun a chur ar chumas an Choimisiúin gach oibritheoir GPL a dhéanann soláthar do dhá chustaiméir tí nó níos mó a cheadúnú. Éileofar ar dhuine Ceadúnas Sábháilteachta GPL Aicme 2 a bheith acu má tá 10 líonra dáilte GPL píopaithe nó níos lú á fheidhmiú acu.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil le foireann Chreat Sábháilteachta Gáis an Choimisiúin um Rialáil Fóntais chun eolas a fháil faoin gcaoi iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Sábháilteachta GPL: info@cru.ie

Dearbhú maidir le comhlíonadh

Déanann an Coimisiún um Rialáil Fóntais comhlíonadh gnóthais lena chás sábháilteachta a mhonatóiriú trí iniúchtaí agus cigireachtaí rialta ar ghnóthais ceadúnaithe gáis nádúrtha agus GPL.

Tá cumhachtaí forfheidhmithe suntasacha ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais sa chás go n-aimsítear nach bhfuil gnóthais comhlíontach lena gcáis sábháilteachta, lena n-áirítear an chumhacht treoir a thabhairt do ghnóthas plean feabhsúcháin a leagan isteach agus fógraí feabhsúcháin agus toirmisc a sheirbheáil.

Is féidir fíneáil a chur ar ghnóthais as mainneachtain comhlíonadh le gníomhartha forfheidhmithe.