Cad é an Deimhniú CTÉ Ardéifeachtúlachta

Sainmhínítear CTE Ardéifeachtúlachta ar bhonn coigilteas fuinnimh phríomhúil (PES). Cuidíonn an próiseas deimhniúcháin lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an t-ionad giniúna na critéir ardéifeachtúlachta atá leagtha amach sa reachtaíocht. Is gnáth go ndeimhneofar ionaid CTÉ Ardéifeachtúlachta ar bhonn sonraí oibriúcháin ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag.

Tuilleadh faisnéise

Critéir maidir le deimhniúchán

Déantar na critéir nach mór do ghineadóir CTÉ cloí leo chun bheith deimhnithe de réir CTÉ Ardéifeachtúlchta, lena n-áirítear sonraí faoin dóigh a ríomhtar PES, a ríomh sna doiciméid seo:

Próiseas Deimhnithe do CTÉ Ardéifeachtúlachta (CER/12/125)

Measúnú ar Theas Úsáideach le haghaidh CTÉ Ardéifeachtúlachta - Soiléiriú (CER/12/184)

Nóta Faisnéise faoi Luachanna Tagartha Comhchuibhithe um Éifeachtúlacht maidir le Tháirgeadh ar Leith Leictreachais agus Teasa arna nAisghaireadh (CER/16/153)

Nóta soiléirithe maidir leis an measúnú ar fhuaraitheoirí asúcháin sa phróiseas deimhnithe le haghaidh CTÉ Ardéifeachtúlachta (CRF/17/302)

Nóta Soiléirithe maidir le CTÉ Ardéifeachtúlachta maidir le Teas Úsáideach Díleá Anaeróbaigh (CRU20142)

Próiseas an Iarratais

Tá próiseas caighdeánaithe ag an CRF maidir le hiarratais ó ghineadóirí CTÉ a mheas le haghaidh lena ndeimhniú mar CTÉ Ardéifeachtúlachta.

Deartar an próiseas deimhniúcháin lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an gineadóir CTÉ na critéir ardéifeachtúlachta atá leagtha amach sa reachtaíocht, mar atá sonraithe sna doiciméid thuas. Baineann an próiseas le hathbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar iarratais ó ghineadóirí reatha agus ó ghineadóirí nua nár deimhníodh cheana.

Ní mór do pháirtithe a dhéanann iarratas ar dheimhniú foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar do CRF lena n-athbhreithniú agus lena measúnú.

Conas iarratas a dhéanamh

Comhlánaigh an fhoirm iarratais ábhartha agus seol ar an ríomhphost é, mar aon leis na doiciméid tacaíochta, chuig an CRF.

Is féidir foirmeacha iarratais a fháil laistigh den doiciméad seo a leanas:

Foirm iarratais don phróiseas deimhniúcháin

Ríomhphost le haghaidh iarratas agus comhfhreagrais: hechp@cru.ie

Táillí

Níl aon táillí i gceist faoi láthair.

Dearbhú maidir le comhlíonadh

I ndiaidh an deimhniúcháin, féadfar gineadóirí CTÉ Ardéifeachtúlachta a iniúchadh chun stóinseacht an phróisis deimhniúcháin a chinntiú.