Ár Ról

Is é ról CRF Údaruithe chun idirnascaire leictreachais a thógáil nó a atógáil a dheonú, monatóireacht a dhéanamh a bhfeidhmíocht, iad a mhionathrú, a chúlghairm agus a fhorfheidhmiú.

Tá an ról sin leagtha amach san Acht um Rialáil Leictreachais 1999, arna leasú.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Cruinniú réamh-iarratais

Molaimid cruinnithe réamh-iarratais d’iarratasóirí nua nó d’iarratasóirí a bhfuil iarratais nua nó chasta ag baint leo.

Ag an gcruinniú sin, leagfaidh an CRF amach an próiseas iarratais agus measúnaithe. Tabharfaimid freagra ar do cheisteanna freisin i ndiaidh duit athbhreithniú a dhéanamh ar na nótaí treorach agus ar na foirmeacha iarratais.

Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn chun cruinniú réamh-iarratais a shocrú: licensing@cru.ie

Nótaí treorach

Léigh na Nótaí Treorach sula ndéanfaidh tú d’iarratas a ullmhú agus a chur isteach. Cuideoidh siad lena chinntiú gur féidir linn d’iarratas a mheasúnú go héifeachtach. Sonraítear sna Nótaí Treorach:

  • an fhaisnéis agus na doiciméid tacaíochta a theastaíonn le haghaidh iarratas bailí
  • Ceisteanna Coitianta úsáideacha
  • seiceáil iomláine lena húsáid sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach

Is féidir leat teacht ar an tseiceáil iomláine in Aguisín I de na Nótaí Treorach. Sonraítear inti an fhaisnéis agus na doiciméid tacaíochta a theastaíonn le haghaidh iarratas bailí. Úsáid é sin chun d’iarratas a sheiceáil sula gcuirtear isteach é.

Nótaí Treorach - Idirnascairí

Tabhair do d’aire le do thoil go dtugtar na Nótaí Treorach cothrom le dáta go rialta. Ba cheart d’iarratasóirí an leagan is déanaí ón suíomh gréasáin a úsáid i gcónaí. Nuashonrú is déanaí: Lúnasa 2020.

Foirm Iarratais

Foirm Iarratais ar Údarú chun Idirnascaire a Thógáil

Tabhair do d’aire le do thoil go dtugtar na foirmeacha iarratais cothrom le dáta go rialta. Ba cheart d’iarratasóirí an leagan is déanaí ón suíomh gréasáin a úsáid i gcónaí. Nuashonrú is déanaí: Lúnasa 2020

Táillí iarratais

Is é €20,000 an táille ar Údarú chun Idirnascaire a Thógáil.

Forfheidhmiú

Beidh duine a thógfaidh idirnascaire gan Údarú faoi dhliteanas fíneáil suas le €127,000.

Tá na cumhachtaí sin leagtha amach in Alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999 arna leasú.

Ceadúnas oibreora idirnascaire

Deonaíonn an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRF) ceadúnais chun idirnascairí leictreachais a oibriú chomh maith.

Deonaítear ceadúnais oibrithe idirnascaire do pháirtithe ar eisíodh údarú dóibh chun idirnascairí leictreachais a thógáil chun an t-idirnascaire céanna a oibriú.

Cuirfidh an CRF páirtithe incháilithe ar an eolas faoin bpróiseas iarratais ar cheadúnas Oibreora Idirnascaire ag an am cuí.

Féach ceadúnais oibrithe idirnascaire