Gearán a dhéanamh

Má tá fadhb agat le hUisce Éireann, ba cheart duit:

  1. iad a chur in iúl trína bpróiseas i dtaca le déileáil le gearáin
  2. mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, féadtar leat gearán foirmeálta a dhéanamh leis an CRF.

Fadhbanna Uisce Éireann

Déileálfaidh Uisce Éireann le fadhbanna maidir le:

  • Seirbhís Chustaiméara
  • Fuíolluisce
  • Méadair
  • Sceitheanna
  • Sreabhadh agus brú
  • Ceangail
  • Fadhbanna cuntais
  • Fadhbanna Billeála

Caighdeán an uisce nó truailliú

Má tá do ghearán neamhréitithe faoi chaighdeán an uisce nó truailliú, téigh i dteagmháil leis annGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC).

Contact Uisce Éireann

Féadtar leat teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann i mbealaí éagsúla

Ríomhphost:

An Post: Uisce Éireann, Bosca Poist 860, Oifig Seachadta Dheisceart Chathair Chorcaí

Teileafón:

Twitter: @IWCare

Minicom: 1890 378 378 (le haghaidh custaiméirí lagéisteachta lena dtrealamh minicom féin)

Leideanna nuair atáthar ag tabhairt faoi ghearán

Molaimid go mba cheart duit do ghearán isteach i scríbhinn tríd an bpost nó trí ríomhphost. Sula ndéanann tú gearán, ba cheart duit:

  • smaoineamh ar an toradh atá ag teastáil uait
  • smaoineamh ar conas a mhíneoidh tú d’fhadhb
  • cibé faisnéis a theastaíonn uait a bhailiú chun tacú le do ghearán lena n-áirítear billí, litreacha, sonraí cuntais, nótaí faoi chomhráite roimhe seo agus aon doiciméid ábhartha eile.

Nuair atáthar ag déanamh gearáin, ba cheart duit:

  • uimhir thagartha ghearáin a iarraidh
  • cóipeanna de bhundoiciméid amháin a sheoladh
  • taifead a dhéanamh d’aon doiciméad
  • tabhair faoi deara:
    • do chomhráite leis an soláthraí nó líonra lena n-áirítear ainm agus teideal an duine ar labhair tú leis/léi agus dáta an ghlaoigh
    • aon ghealltanais nó comhaontuithe a dhéanann Uisce Éireann lena n-áirítear gealltanais go gcuirfí glaoch ar ais duit

Próiseas Gearán

Tá sé de dhíth ar Uisce Éireann próiseas gearán soiléir agus simplí a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. Ní foláir go mbeadh próiseas simplí leagtha amach do chustaiméirí le húsáid nuair atá fadhbanna acu. Le tuilleadh eolais a fháil téigh go dtí suíomh gréasáin Uisce Éireann.

Gearán a dhéanamh leis an CRF

Cuirimid seirbhís réitigh díospóidí ar fáil do chustaiméirí le gearán neamhréitithe i gcoinne soláthraithe fuinnimh, oibritheora líonra nó Uisce Éireann.

Tuilleadh Eolais