Pléimid le gach gearán chomh gasta agus is féidir linn agus cuirimid toradh ar fáil duit atá soiléir agus éasca le tuiscint.

D’fhonn a chinntiú go n-úsáideann Uisce Éireann an t-ioncam a fhaigheann sé ar mhaithe le custaiméirí, d’fhorbair an CRF creat measúnaithe le haghaidh feidhmíocht agus dul chun cinn Uisce Éireann a mhonatóiriú ar fud raon leathan de mhéadracht atá dírithe ar an gcustaiméir.

Tá ról ag an CRF i gcúnamh a thabhairt duit nuair a bhíonn deacrachtaí agat maidir le déileáil le do sholáthraí fuinnimh nó le d’oibritheoir líonra.

Tá sé mar aidhm ag Foireann Cúraim Custaiméirí an CRF gearáin a réiteach laistigh de 90 lá.

bean ar tholg

Má rinne tú gearán le do sholáthraí/lionra nó le hUisce Éireann agus mura bhfuil tú sásta leis an toradh, is féidir leat do ghearán a chur ar aghaidh chuig an CRF.

Leideanna le haghaidh do ghearán a chur isteach

  • Smaoinigh faoin toradh atá de dhíth ort agus conas is maith leat do ghearán a chur chun cinn.
  • Bailigh cibé faisnéis a theastaíonn uait chun tacú le do ghearán lena n-áirítear billí, litreacha, sonraí cuntais, nótaí faoi chomhráite roimhe seo agus aon doiciméid ábhartha eile.
  • Ná seol bunchóipeanna de dhoiciméid ghaolmhara. Seol cóipeanna agus coinnigh na bunchóipeanna.
  • Cuir a oiread sonraí ar fáil agus is féidir leat - seo seans duit chun a insint dúinn cad a tharla agus conas a chuaigh sé i bhfeidhm ort.

Conas a oibríonn sé