Bunaíodh an CRF sa bhliain 1999 agus oibríonn laistigh de bheartas agus creat reachtúil atá leagtha amach ag an Rialtas agus tá freagracht aige maidir le rialáil eacnamaíoch agus cosaint custaiméara san earnáil uisce agus fuinneamh agus sábháilteacht fuinnimh a rialú.

Táimid freagrach as

Fuinneamh agus uisce a rialú le haghaidh aeráide atá ag athrú.

Tacaíonn rialáil ar fhuinneamh agus uisce le hiomaíocht, infheistíocht agus fás eacnamaíoch, agus cuireann sé lenár n-oibleagáidí idirnáisiúnta chun dul i ngleic le hathrú aeráide ag an am céanna.

Tá ról ag an CRF i gcúrsaí fuinnimh chun sábháilteacht an tsoláthair a choinneáil, seachadadh ar líonra éifeachtúil a chinntiú agus iomaíocht agus nuálaíocht sa ghiniúint agus soláthar leictreachais agus soláthar gáis nádúrtha.

Mar pháirt den ról seo, tá an Margadh Leictreachais Aonair d’oileán forleathan lena gcomheagraíocht i dTuaisceart na hÉireann, an Rialálaí Fóntais comhrialaithe ag CRF.

Mar rialálaí do sheirbhísí poiblí maidir le huisce agus fuíolluisce, leagann an CRF spriocanna amach agus coinníonn siad súil ar fheidhmíocht Uisce Éireann maidir le seirbhísí a sholáthar agus infheistíocht infreastruchtúir ar bhealach éifeachtúil ó thaobh costas de.

Custaiméirí fuinneamh agus uisce a chosaint

Oibríonn an CRF chun custaiméirí fuinnimh agus uisce a chosaint, go háirithe na custaiméirí leochaileacha. Tríd an gcaighdeán de sheirbhísí maidir le fuinneamh agus uisce a leag amach agus iomaíocht agus nuálaíocht a chumasú ag an am céanna cinntítear go gcaitear go cothrom le custaiméirí agus go bhfuil an t-athrú go todhchaí ísealcharbóin ar mhaithe leo.

Cuirimid eolas bunaithe ar na cearta atá ag custaiméirí ar fáil dóibh chomh maith le seirbhís réitithe díospóide le cuidiú a thabhairt do chustaiméirí déileáil le fadhbanna nach bhfuil siad in ann a réiteach lena gcomhlacht fuinnimh nó Uisce Éireann.

Cuireann an CRF cosaint chustaiméirí chun cinn agus rannpháirtíocht trí fheachtais cumarsáidí dírithe a chuireann in iúl do chustaiméirí conas is féidir leo an luach agus seirbhís is fearr a fháil ó chomhlachtaí fóntais agus páirt ghníomhach a ghlacadh in dícharbónú agus caomhnú uisce.

Rialáil maidir le sábháilteacht fuinnimh

Tá ról lárnach ag an CRF le sábháilteacht phoiblí a chosaint agus timpistí móra san earnáil fuinnimh in Éirinn a chosc. Áirítear le seo an rialáil sábháilteachta ar ghás (líonraí, soláthar, stóráil, úsáid agus an dáileadh ar ghás peitriliam leachtaithe) peitriliam (in aghaidh srutha (amach ón gcósta agus ar tír) taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón) agus suiteálaithe gáis agus conraitheoirí leictreachais.Ní hamháin seo ach áirítear lenár gcúram sábháilteacht phoiblí go gcaithfear a chinntiú go bhfuil conraitheoirí leictreachais agus suiteálaithe gáis ag cloí leis na caighdeáin náisiúnta ábhartha chun saol agus maoin a chosaint chomh maith le feasacht na gcustaiméirí maidir le sábháilteacht a chur chun cinn.

daoine ag breathnú ar an teilifís

Rialaíonn ár bhfís, misean agus luachanna an dóigh a oibrímid agus na tosaíochtaí atá againn.

Tosaíochtaí Straitéiseacha 2022-24

Tá sé mar mhisean ag an CRF leas an phobail maidir le hUisce, Fuinneamh agus Sábháilteacht Fuinnimh a chosaint.

Cinnteofar na ceithre thosaíocht straitéiseach atá againn le haghaidh 2022-24 go bhfuil an rialálaí dírithe ar leas an phobail a sholáthar.

Is iad seo a leanas na tosaíochtaí;

Sábháilteacht an tsoláthair a chinntiú

  • Líonraí agus soláthairtí fuinnimh atá inbhuanaithe agus sábháilte a chinntiú.
  • Rialáil éifeachtach a thacaíonn le margaí fuinnimh iomaíocha agus éifeachtúil a sholáthar. Custaiméirí a chumhachtú agus a chosaint.
  • Seirbhísí uisce sábháilte, d’ardchaighdeán agus seirbhísí fuíolluisce a chur ar fáil.

Todhchaí Ísealcharbóin a Bhrú Chun Cinn

  • Creataí rialála a chuireann athrú ó bhonn ar fáil a chruthú agus a chur i bhfeidhm.
  • Leibhéil ard de chomhtháthú in-athnuaite a chumasú trí dhearadh agus forbairt margaíocht.
  • A chinntiú go gcuireann na margaí rannpháirtíocht san athrú ar chumas na gcustaiméirí.

Custaiméirí a chumasú agus a chosaint

  • Custaiméirí a mhealladh agus a chosaint, a chinntiú go gcloistear agus go gcuimhnítear a nglórtha in obair an CRF.
  • Cumarsáid a neartú le feasacht ar chearta custaiméirí, sábháilteacht, agus na hearnálacha a dhéanaimid rialú orthu a fheabhsú.
  • Creataí comhlíonta a chur i bhfeidhm agus dreasachtaí ar mhaithe leis na custaiméirí agus sábháilteacht an phobail i gcoitinne ar rioscaí maidir le sábháilteacht fuinnimh a fhorbairt.
  • Comhairle dhílis a chur ar fáil do lucht déanta beartas agus páirtithe leasmhara agus athruithe beartais riachtanacha a mholadh.

Ár ndaoine agus ár dtoilleadh eagraíochtúil a chumasú.

  • Dearadh eagraíochta agus creataí pleanála san ionad oibre a úsáid chun múnla acmhainne an CRF atá solúbtha agus aclaí a bhaint amach.
  • Ár ndaoine a chumasú leis an eolas, na scileanna agus na tacaíochtaí chun obair a dhéanamh go straitéiseach, go comhoibríoch agus forbairt phearsanta agus gairmiúil a bhaint amach.
  • Ár bhfoireann a chumasú leis na teicneolaíochtaí digiteacha is fearr chun a chinntiú go bhfuil siad chomh maith agus is atá pobal agus páirtí leasmhar a bhfuil scileanna digiteacha níos fearr acu ag súil le.
  • Na rialachais agus próisis cleachtaidh is fearr a chuir i bhfeidhm chun tacaíocht a thabhairt d’obair an CRF.

Plean Straitéiseach 2022-24 an CRF

Fuinneamh agus Uisce a rialú le haghaidh Aeráide atá ag Athrú

Féach ar an bPlean

Tuarascáil Bhliantúil

Foilsíonn an CRF Tuarascáil Bhliantúil a léiríonn na héachtaí móra atá againn gach bliain maidir lenár misean a sholáthar chun leas an phobail san uisce, fuinneamh agus sábháilteacht uisce a chosaint.

Tuarascálacha Bliantúla go léir an CRF.

Plean Oibre

Beidh Plean Straitéiseach 2022-2024 an CRF in éineacht le plean feidhmithe a leagann gníomhartha amach chun tosaíochtaí agus cuspóirí laistigh d’amlínte áirithe a bhaint amach. Beidh an plean mar pháirt de Phlean Oibre an CRF ina gcuirtear isteach chuig an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Roinn Tithíocht, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta gach bliain.

Pleananna Oibre.

Cód Iompair

Tugann Cód Iompair an CRF eolas ar na caighdeáin a bhíothas ag súil le ó gach fostaí nuair atá siad ag obair. Déanann ár gCód Iompair machnamh ar thiomantas do bharrfheabhas agus seirbhísí poiblí d’ardchaighdeáin a ndéanann a ndícheall ardleibhéil feidhmíochta agus freagracht phearsanta a choinneáil.

  • Cód Iompair Gnó do Bhaill an Choimisiúin
  • Cód Iompair Gnó d’Fhostaithe