Cad is brí le soláthar poiblí?

Is é is brí le soláthar poiblí ná an próiseas a úsáideann comhlachtaí poiblí, amhail an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), chun earraí nó seirbhísí a cheannach ó sholáthraithe.

Cuimsíonn sé:

  • gnáthsholáthairtí nó gnáthsheirbhísí a cheannach
  • tairiscintí a lorg agus conarthaí a dhéanamh.

Tá trí chuspóir againn:

  • An luach is fearr ar airgead a fháil
  • A chinntiú go ndéantar gach rialachán um sholáthar a chomhlíonadh, mar shampla, rialacháin an AE, rialacháin náisiúnta agus rialacháin inmheánacha
  • Rioscaí maidir le conarthaí a bhainistiú.

Mar chomhlacht poiblí, tá an CRF faoi cheangal ag rialacha áirithe:

  • Ní cheadaítear earraí/seirbhísí a cheannach ach amháin sa chás go bhfuil soláthar déanta don chaiteachas i mbuiséad an Choimisiúin don bhliain
  • D’fhéadfaí iniúchadh agus grinnscrúdú a dhéanamh ar chleachtais um sholáthar i gcomhréir le hAcht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993
  • Rialacháin um sholáthar an AE agus rialacháin náisiúnta um sholáthar
  • Tá Oifigigh Chuntasaíochta freagrach go poiblí as caiteachais a tabhaíodh.

Tairiscintí

Is féidir leat sonraí a fháil faoi gach tairiscint CRF idir reatha agus chríochnaithe ar www.etenders.gov.ie.

Maidir le comórtas tairisceana a foilsíodh, nuair a bhíonn sé críochnaithe, foilsímid fógra um dhámhachtain conartha ar www.etenders.gov.ie.

Maidir le conarthaí atá os cionn thairseacha an AE, foilsítear an fógra um dhámhachtain conartha ar ted.europa.eu/TED/main/HomePage.do

Plean Corparáideach Soláthair

Foilsíonn an CRF plean soláthair gach bliain, ina sonraítear soláthairtí atá beartaithe do thréimhse trí bliana.

Plean Corparáideach Soláthair an CRF (2020 go 2021)

Beartas um Íoc Pras

Táimid tiomanta do sholáthraithe dár gcuid a íoc go pras.

Chun dlús a chur leis an bpróiseas, ba cheart do sholáthraithe a chinntiú:

  • go seoltar na sonraisc chearta chuig rannóg na gCuntas Iníoctha
  • go bhfuil Uimhir Ordaithe Ceannaigh/Tagartha Conartha bhailí CRU luaite ar shonraisc
  • go bhfuil sonraí do chuntais bainc curtha ar fáil
  • go bhfuil do dheimhniú imréitigh cánach Éireannach cothrom le dáta.

Más fiú €10,000 (CBL san áireamh) nó níos mó do chonradh leis an CRF agus má tá sé laistigh de thréimhse 12 mhí, ní mór duit deimhniú imréitigh cánach bailí nó deimhniú C2 a chur ar fáil.

Is é sin an dlí. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach www.revenue.ie,

Tuairisceáin Ráithiúla um Íoc Pras

Tá íocaíocht sonrasc faoi réir an Achta um Íoc Pras Cuntas, 1997 arna leasú ag Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Íoc Déanach in Idirbhearta Tráchtála), 2012. Foilsíonn an CRF loga den Tuairisceáin Ráithiúla um Íoc Pras.

Íocaíochtaí os cionn €20,000

Foilsíonn an CRF sonraí freisin faoi íocaíochtaí ar earraí agus ar sheirbhísí ar luach os cionn €20,000 iad.