Cuirtear síos i bPlean Gníomhaíochtaí Custaiméirí an CRF ar an dóigh a ndéanfaidh an CRF na gealltanais agus na caighdeáin atá leagtha amach sa Chairt Chustaiméirí a sheachadadh agus a mheas.

Prionsabail na seirbhíse ardchaighdeáin do chustaiméirí

Tá ár seirbhísí bunaithe ar na 12 Phrionsabal threoracha de sheirbhís Ardchaighdeán do Chustaiméirí d’eagraíochtaí na hearnála poiblí. Déanaimid monatóireacht ar ár bhfeidhmíocht i gcoinne na bprionsabal sin chun a chinntiú go bhfuil siad á mbaint amach againn agus déanaimid beart mura bhfuil sin á dhéanamh againn.

Caighdeáin seirbhíse ardchaighdeáin

Inár gCairt Custaiméirí sonraítear na caighdeáin seirbhíse ar féidir lenár gcustaiméirí bheith ag súil leo nuair a idirghníomhaíonn siad linn.

Comhionannas agus Éagsúlacht

Táimid tiomanta do bhacainní a bhaint do dhaoine uile a bhfuil rochtain acu ar ár seirbhísí.

Rochtain fhisiceach

Cuirimid rochtain fhisiceach oiriúnach ar fáil ar ár n-oifigí agus cinntímid go gcomhlíontar na caighdeáin riachtanacha i ngach uile láthair.

Faisnéis

Cinntímid go bhfuil an fhaisnéis uile a chuirimid ar fáil duit soiléir, intuigthe agus oiriúnach do do riachtanais.

Sa bhreis ar an tseirbhís réitithe gearán, cuireann ár bhFoireann Cúraim Custaiméirí faisnéis ar fáil do chustaiméirí maidir le cearta ginearálta custaiméirí mar aon le faisnéis eile a bhaineann le gníomhaíochtaí an CRF.

Tá faisnéis maidir leis an tseirbhís sin sonraithe faoi Chúram Custaiméirí sa Chairt Custaiméirí.

Tapúlacht agus Cúirtéis

Is é ár n-aidhm chun a bheith tapa agus cuiditheach, foighneach agus dea-mhúinte i ngach caidreamh lenár gcustaiméirí.

Gearáin

Táimid tiomanta do dhéileáil le gearáin ó chustaiméirí faoi cháilíocht na seirbhíse dár gcuid ar bhealach cothrom agus oscailte.

Tá seirbhís réitithe gearán ar leith ag an CRF maidir le gearáin gan réiteach ó chustaiméirí maidir lena soláthairtí fuinnimh nó maidir le soláthraithe líonra fuinnimh nó uisce.

Mar chuid dár nós imeachta gearán, tairgimid achomharc do chustaiméirí nach bhfuil sásta le cinntí a dhéantar maidir le gearáin faoinár seirbhísí.

Comhairliúchán agus meastóireacht

Tá comhairliúchán agus aiseolas tábhachtach chun cuidiú linn ionchais agus riachtanais ár gcustaiméirí mar aon le heasnaimh sna seirbhísí a chuirimid ar fáil a thuiscint.

Comhionannas um theangacha oifigiúla

Aithnímid an ceart atá agat rochtain a bheith agat ar ár seirbhísí trí mheán na Gaeilge agus tacaímid leis an gceart sin.

An custaiméir inmheánach

Táimid tiomanta do dheimhin a dhéanamh de go n-aithnítear ár bhfoireann mar chustaiméirí dár gcuid freisin agus don sholáthar seirbhíse sármhaithe a éascú go hinmheánach agus go seachtrach araon.

Rogha

Táimid tiomanta do dhóigheanna agus do bhealaí iomadúla a sholáthar ionas go mbeidh rochtain ag ár gcustaiméirí ar ár seirbhísí, ar fhaisnéis agus ar dhóigh chun teagmháil a dhéanamh linn.

Comhordú níos fearr

Oibrímid le raon eagraíochtaí in Éirinn agus ar bhonn idirnáisiúnta lena n-áirítear grúpaí tomhaltóirí, grúpaí gnó, rialálaithe earnálacha, ranna rialtais agus rialálaithe fuinnimh Eorpacha.

Gearán a Dhéanamh faoin CRF

Má tá gearán agat maidir le seirbhís do chustaiméirí, iarrtar ar chustaiméirí nós imeachta gearán an CRF a leanúint.

Faigh Tuilleadh Faisnéise