Cuir isteach ar cheangal nua

Má theastaíonn uait ceangal le seirbhísí uisce nó fuíolluisce ní mór duit iarratas a chur isteach chuig Uisce Éireann. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil agus iarratas a chur isteach ar cheangal uisce ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann freisin ar1800 278 278.

Costas chun ceangal a dhéanamh

Bíonn an costas a bhaineann le ceangal le seirbhísí uisce agus fuíolluisce ag brath ar roinnt fachtóirí.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann chun an beartas um tháillí ceangail agusPlean Táillí Uisce Éireann a fháil.

Is féidir leat beartas táillí um cheangal uisce de chuid an CRF a léamh freisin.

Ráthaíochtaí ceangail

Rinne an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRF) roinnt ráthaíochtaí a fhaomhadh maidir le ceangail uisce agus fuíolluisce.

Is féidir leat na ráthaíochtaí sin a fháil i gCairt Custaiméirí Uisce Éireann ina
dtugtar achoimre ar na nithe a leanas:

  • na hamlínte maidir le áitribh nua a cheangal
  • an cúiteamh a gheobhaidh tú má theipeann orthu seasamh lena ráthaíocht
  • an caighdeán seirbhíse a bhféadfá bheith ag súil leis ó Uisce Éireann.

An Próiseas Ceangal

Tá sonraí iomlána maidir leis an bpróiseas ceangal ar fáil ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann.

Tuilleadh Eolais