Tá Líonraí Gáis Éireann (GNI) freagrach as custaiméirí a cheangal leis an líonra gáis. Ní sholáthraíonn siad do ghás. Beidh soláthraí gáis uait chun do ghás a sholáthar agus chun bille a thabhairt duit.

Déan iarratas ar Cheangal Gáis nua

Ní féidir gach teaghlach nó gach gnólacht a cheangal leis an líonra gáis. Is é an chéad rud a chaithfear a dhéanamh a sheiceáil an féidir tú a cheangal leis an líonra. Is féidir leat é sin a dhéanamh ag baint úsáid as d’Éirchód nó do sheoladh ar shuíomh gréasáin Líonraí Gáis Éireann.

Tuilleadh Eolais

Soláthraí Gáis a Aimsiú

Ní sholáthraíonn Líonraí Gáis Éireann do ghás. Beidh ort soláthraí gáis a roghnú le linn an phróisis ceangail gáis. Is féidir leat soláthraí gáis a roghnú ónár liosta soláthraithe fuinnimh.

Tuilleadh Eolais

Costas chun ceangal a dhéanamh

Braitheann costais ar cheangal gáis ar roinnt tosca. D’fhéadfadh na costais atá i gceist a bheith níos airde má tá tú níos faide ó líne líonra gáis. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na costais sin agus meastachán a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh le Líonraí Gáis Éireann ar 1800 464 464.

Ráthaíochtaí ceangail

Tá roinnt ráthaíochtaí faoi cheangal gháis ceadaithe ag an gCoimisiún um Rialacháin Fóntas (CRF).

Is féidir leat na ráthaíochtaí sin a fháil ar an leathanach Chairt Chustaiméirí GNI.

Léigh an Chairt Chustaiméirí chun tuiscint a fháil orthu seo a leanas:

  • na hamlínte maidir le áitribh nua a cheangal
  • an cúiteamh a gheobhaidh tú má theipeann orthu seasamh lena ráthaíocht
  • an caighdeán seirbhíse a bhfuiltear ag súil leis ó Líonraí Gáis Éireann

An bhfuil suim agat i gceangal le líonra gás na hÉireann?

Míniú ar an bPróiseas Ceangail Gáis

Tuilleadh Eolais (suíomh gréasáin GNI)