Déanann an Coimisiún um Rialáil Fóntais monatóireacht ar fheidhmíocht Uisce Éireann sna réimsí seo a leanas:

  • Seirbhís Chustaiméara
  • Caighdeán na seirbhísí uisce agus seirbhísí fuíolluisce atá á gcur ar fáil aige
  • An chaoi a dtugann sé tionscadail infreastruchtúir chun críche ina Phlean Infheistíochta Caipitil.

Tuairiscíonn Uisce Éireann don Choimisiún um Rialáil Fóntais ar bhonn rialta le faisnéis agus sonraí ábhartha. Déanaimid anailís agus monatóireacht ar a bhfeidhmíocht, agus cuirimid i gcomparáid le fóntais eile in Éirinn agus thar lear í.

Creat Measúnaithe Feidhmíochta

Déanaimid monatóireacht ar fheidhmíocht agus ar dhul chun cinn Uisce Éireann chun a chinntiú go bhfuil ioncam Uisce Éireann á chaitheamh chun leas a gcustaiméirí. Déantar é sin trí chreat measúnaithe ina mbaintear úsáid as méadrachtaí chun a chinntiú go bhfuil an tseirbhís is fearr agus is féidir á cur ar fáil acu do chustaiméirí.

Cuimsíonn na méadrachtaí sin:

  • seirbhís chustaiméara
  • slándáil an tsoláthair uisce
  • caighdeán an tsoláthair uisce
  • teagmhais séarach
  • feidhmíocht comhshaoil
  • fuinneamh agus astaíochtaí

Foilsíonn an Coimisiún um Rialáil Fóntais Tuarascáil Measúnaithe Feidhmíochta ar Uisce Éireann ar bhonn bliantúil. Déanann sé feidhmíocht Uisce Éireann a mheas agus cinntíonn sé go bhfuil fáil ag custaiméirí ar shonraí trédhearcacha faoin bhfeidhmíocht sin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig Measúnú Feidhmíochta Uisce Éireann.

Leabhráin Chustaiméara

Leagtar amach i lámhleabhair custaiméara Uisce Éireann na leibhéil seirbhíse custaiméara agus bearta cosanta do chustaiméirí nach mór dóibh a áireamh ina chóid chleachtais féin.

Déanann an Coimisiún um Rialáil Fóntais athbhreithniú ar na Lámhleabhair Custaiméara Tí agus Tráchtála le cinntiú:

  • go bhfuil siad ábhartha i gcónaí
  • go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm
  • go bhfuil caighdeáin seirbhíse cuí ann do chustaiméirí

Lámhleabhar Custaiméara Tí

Áirítear leis an Lámhleabhar Custaiméara Tí riachtanais Chód Cleachtais maidir leo seo a leanas:

  • Cumarsáidí le Custaiméirí
  • Méadrú
  • Billeáil
  • Custaiméirí Leochaileacha
  • Gearáin ó Chustaiméirí
  • Oibríochtaí Líonra

Déanann Uisce Éireann a Chóid Chleachtais féin a ullmhú nach mór dóibh aitheantas a thabhairt do na riachtanais seirbhís custaiméara arna leagan amach i ngach ceann de na riachtanais maidir le Cóid Chleachtais thuas. Ní mór don Choimisiún um Rialáil Fóntais Cóid Chleachtais Uisce Éireann a fhaomhadh.

Éilíonn an Lámhleabhar Custaiméara Tí ar Uisce Éireann cairt custaiméara a chruthú do chustaiméirí tí. Leagtar amach ann na tiomantais íosta a dhéanann sé maidir le seirbhís do chustaiméirí.

Má theipeann ar Uisce Éireann tiomantas a chomhlíonadh, gheobhaidh an custaiméir íocaíocht cairte, ar méid socraithe cúitimh atá ann.

Custaiméirí Leochaileacha

Tugann an Cód Cleachtais do Chustaiméirí Leochaileacha an Lámhleabhar Custaiméara Tí cosaint dóibh siúd

  • atá ag brath go criticiúil ar uisce chun a riachtanais leighis a chomhlíonadh
  • a bhféadfadh tuilleadh tacaíochta a bheith de dhíth orthu le linn dóibh a bheith i mbun cumarsáide le hUisce Éireann, nó ag glacadh le seirbhísí uathu.

Lámhleabhar Custaiméara Tráchtála

Leagtar amach sa Lámhleabhar Custaiméara Tráchtála na leibhéil seirbhíse custaiméara agus bearta cosanta do chustaiméirí nach mór d’Uisce Éireann a chur ar fáil dá chustaiméirí tráchtála.

Ní mór aitheantas a bheith tugtha dó freisin i gCóid Chleachtais Ghnó Uisce Éireann.

Tá riachtanais maidir le Cóid Chleachtais do chustaiméirí gnó sa lámhleabhar seo sna réimsí seo a leanas:

  • Cumarsáidí
  • Méadrú
  • Billeáil
  • Oibríochtaí Líonra
  • Láimhseáil Gearáin

Gearáin

Tá riachtanais maidir le Cóid Chleachtais do láimhseáil gearán sna lámhleabhair custaiméara. Leagtar amach iontu riachtanais Uisce Éireann maidir le seirbhís gearáin éifeachtach agus so-úsáide do chustaiméirí.

Maidir le gearáin gan réiteach, cuirfidh Uisce Éireann custaiméirí ar atreo chuig foireann gearáin tiomanta an Choimisiúin um Rialáil Fóntais.

Faigh tuilleadh eolais ar ár leathanach do ghearáin.

Féach ar an Lámhleabhar Custaiméara Tí Uisce Éireann is déanaí ón gCoimisiúin um Rialáil Fóntais.

Infheistíocht caipitil a sheachadadh

Déanann an Coimisiún um Rialáil Fóntais monatóireacht ar sheachadadh Phlean Infheistíochta Caipitil Uisce Éireann. Leagtar amach ann na pleananna atá acu don ioncam a cheadaíonn an Coimisiún dó thar thréimhsí áirithe ama. Ní mór d’Uisce Éireann, tar éis tréimhse ama, tuairisc a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoina bhfuil seachtadta leis an ioncam sin.

Sa chás nach seachadann Uisce Éireann mar a bhí beartaithe acu, d’fhéadfadh an Coimisiún um Rialáil Fóntais gan ioncam a cheadú sa chéad tréimhse rialála ioncaim eile.

Féach ar Phlean Infheistíochta Caipitil Uisce Éireann.

Ciste Nuálaíochta Seirbhísí Uisce

Chruthaigh an Coimisiún um Rialáil Fóntais Ciste Nuálaíochta Seirbhísí Uisce mar chuid d’ioncam ceadaithe Uisce Éireann. Ligeann an ciste seo d’Uisce Éireann infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a fhiosraíonn teicneolaíochtaí nua féachaint le tairbhí a thabhairt do chustaiméirí sa todhchaí.

Cuspóirí an Chiste

Ní mór d’Uisce Éireann iarratas a dhéanamh don Choimisiún chun cead a fháil ar bhonn an cháis. Déanann an Coimisiún athbhreithniú ar an iarratas tionscadail chun a chinntiú:

  • go bhfuil an tionscadal nuálaíoch
  • go bhfuil sé beartaithe ar a laghad cuspóir amháin den chiste a chur chun cinn.

Áirítear le cuspóirí an chiste:

  • seirbhísí uisce sábháilte agus iontaofa a chur ar fáil
  • níos mó coigiltis fuinnimh
  • tionchair dhiúltacha athrú na haeráide a mhaolú
  • caomhnú níos fearr ar acmhainní uisce.