Ceangail le gréasán Uisce Éireann

Láimhseálann Uisce Éireann ceangail uisce agus fuíolluisce do gach custaiméir baile agus tráchtála in Éirinn. Áirítear leis seo foirgnimh atá ann cheana féin agus foirgnimh nua, forbairtí agus Grúpscéimeanna Uisce Phoiblí.

Más gá duit ceangal le líonra Uisce Éireann, ní mór duit dul i dteagmháil go díreach le hUisce Éireann.

Mar rialtóir eacnamaíoch Uisce Éireann, is é ról atá againn táillí ceangail agus beartas táille cheangail a fhaomhadh.

Tuilleadh eolais mar gheall ar phróiseas cheangail Uisce Éireann.

Beartas táille cheangail Uisce Éireann

Tar éis comhairliúcháin phoiblí sa bhliain 2018 i dtaobh moltaí Uisce Éireann maidir le córas nua táillí ceangail, cuireadh beartas táillí agus seirbhíse do chustaiméirí i bhfeidhm sa bhliain 2019.

Tuilleadh eolais mar gheall ar bheartas táille cheangail Uisce Éireann

Seirbhísí Forbróra

Caithfidh gach forbróir dul i dteagmháil le hUisce Éireann maidir le gach ceangal leis an ngréasán poiblí uisce agus fuíolluisce.

Seirbhísí forbróra Uisce Éireann, lena n-áirítear sonraí caighdeánacha agus Cóid Chleachtais.