Do bhille a thuiscint

Tuigimid go mbíonn deacrachtaí ag roinnt custaiméirí a mbillí leictreachais a thuiscint. Cuidíonn an treoir seo roinnt codanna tábhachtacha ar do bhille a mhíniú.

Ní mór do sholáthraithe eolas ar leith a chur ar do bhille leictreachais ionas gur féidir é a thuiscint go soiléir agus go héasca. Ní bheidh an t-eolas ar bhillí gach soláthraí san áit céanna mar atá ar an mbille samplach seo.

Grafaic Eolais do bhille-leictreachais a thuiscint

An leathanach tosaigh

Ar leathanach tosaigh do bhille, de ghnáth gheobhaidh tú:

Sonraí cuntais

Uimhir cuntais

Is é sin an uimhir do do chuntas le do sholáthraí. Ba cheart duit tagairt a dhéanamh di agus tú ag labhairt leo.

Uimhir theileafóin éigeandála

Beidh uimhir theagmhála éigeandála Líonraí BSL ar do bhille leictreachais i gcónaí.

Seoladh

Is é sin an seoladh a sheoltar an bille. D’fhéadfadh sé a bheith difriúil ón seoladh a thagann an bille ina úsáidtear an fuinneamh.

MPRN

Is é d’Uimhir Thagartha Pointe Méadair (MPRN) an cód ar leith do do cheangal chuig an líonra leictreachais. Tá sé sin ag teastáil uait chun soláthraithe a athrú nó má tá ceist agat le Líonraí BSL

Ríomh an bhille

Tréimhse billeála

Is ionann é sin agus tréimhse d’úsáide leictreachais a chuirtear bille chugat ina leith.

Léamh méadair

Taispeánfaidh na léamha méadair a úsáidtear chun do bhille a ríomh do léamha reatha agus do léamha roimhe sin. Taispeánann na cóid sin cén cineál léimh a úsáideadh:

A: Léamh ceart
E: Léamh measta
C: Léamh custaiméara

Ríomh

Ba cheart é sin a bheith mar ríomh soiléir ar na míreanna éagsúla a thugann an toradh deireanach.

Cóid

Grúpa dáilte (DG)

Aithníonn an cód más custaiméir uirbeach, tuaithe nó gnó tú.

Cumraíocht méadair (MC)

Ligeann an cód sin do Líonraí BSL nó do sholáthraí cén cineál méadair atá agat a fheiceáil.

Cód próifíle

Léiríonn sé sin an cineál próifíle úsáide atá agat.

Ábhar gaolmhar