Laghdaigh d’úsáid

Is féidir linn go léir an dóigh a bhfuil tionchar ag cogadh agus coinbhleacht ar phraghsanna fuinnimh ar fud na hEorpa a fheiceáil. Is é sin mar atá i gcás na hÉireann freisin.

Tá tacaíochtaí á gcur ar fáil ag an rialtas chun an tionchar atá ag praghsanna fuinnimh atá ag ardú ar thithe agus ar ghnólachtaí a laghdú. Is féidir leat bearta a dhéanamh freisin chun d’úsáid fuinnimh a laghdú chun airgead a shábháil agus teorainn a chur lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe.

Coigil Fuinneamh i Do Theach

Is é an SEAI údarás na hÉireann ar fhuinneamh inbhuanaithe. Is féidir leo cuidiú leat do theach a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh, níos compordaí agus níos saoire lena reáchtáil. Féach ar ár gcuid leideanna coigilte fuinnimh chun cuidiú leat d’ídiú fuinnimh a laghdú agus airgead a shábháil.

Tuilleadh Eolais

Deontais le haghaidh Fuinneamh Tí

Má thaitníonn an méid is féidir leat a bhaint amach le leideanna coigilte fuinnimh SEAI leat, b’fhéidir mar sin gur mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoina réimse deontas le haghaidh fuinneamh tí. Is d’úinéirí tí agus do thiarnaí talún atá na deontais sin chun éifeachtacht fuinnimh a gcuid maoine a uasghrádú. Soláthraíonn an SEAI uasghráduithe fuinnimh saor in aisce freisin d’úinéirí tí a fhaigheann íocaíochtaí leasa áirithe.

Tuilleadh Eolais

Laghdaigh Do Chostais Iompair

Trínár n-úsáid as breosla iompair a laghdú, is féidir linn airgead a shábháil, tionchar na géarchéime fuinnimh a laghdú agus cuidiú lenár n-uaillmhianta aeráide a bhaint amach. Tá tacaíochtaí agus leideanna ag an Roinn Iompair chun cuidiú le daoine agus gnólachtaí a gcostais iompair a laghdú.

Tuilleadh Eolais

Tacaíocht do Ghnólachtaí

Tá réimse tacaíochtaí rialtais, acmhainní agus deontas ar fáil chun costais agus úsáid fuinnimh i ngnólachta a laghdú. Tá roghanna ann do gach gnólacht, idir mhicrifhiontair, agus FBManna agus tionscail mhóra.

Tuilleadh Eolais