Sula dtosaíonn tú

Déan cinneadh maidir le haistriú go gás, go leictreachas, nó go débhreosla (an dá cheann). Beidh an t-eolas seo a leanas de dhíth ort chun do sholáthraí fuinnimh a athrú.

  • I gcás leictreachais, d’Uimhir Chlárúcháin Méadarphointe (MPRN)
  • I gcás gáis, Uimhir Chlárúcháin Gásphointe (GPRN)
  • Léamh méadair atá cothrom le dáta chun a chinntiú go dtugtar bille cruinn duit

Is féidir teacht ar do MPRN agus do GPRN ag barr leathanach do bhille.

Céim 1 – faigh do chuid sonraí

Cabhróidh an t-eolas seo leat an margadh is fearr a fháil agus tú ag athrú. Is féidir é a aimsiú ar do bhille fuinnimh nó trí theagmháil a dhéanamh le soláthraí fuinnimh.

  • an méid gáis nó leictreachais atá in úsáid agat anois
  • más custaiméir fuinnimh tú agus má tá tú ag smaoineamh ar bhogadh go taraif Am Úsáide (a bhaineann le Méadair Chliste), is maith an smaoineamh é a mheas ‘cathain’ a úsáideann tú an chuid is mó de do leictreachas agus taraif a roghnú a oireann do próifíl d’úsáide.
  • an méid a íocann tú anois
  • má tá tú ar chonradh téarma seasta, faigh amach cathain a chríochnóidh sé. Níl táille ar bith ann nuair a athraíonn tú le soláthraí eile, ach d’fhéadfaí go ngearrfaí táille ort má bhriseann tú conradh téarma seasta.

Céim 2 – labhair le do sholáthraí

Ní bheidh do sholáthraí reatha ag iarraidh go n-athróidh tú. Déanfaidh siad iarracht tú a choinneáil mar chustaiméir agus d'fhéadfadh siad margadh níos fearr a thairiscint duit.

Sula n-athraíonn tú, fiafraigh de do sholáthraí:

  • an féidir leo margadh nó plean praghais níos fearr a thairiscint duit
  • cén lascainí atá ar fáil do chustaiméirí reatha

Céim 3 – cuardaigh thart

Tá go leor soláthraithe gáis agus leictreachais ann atá ag lorg custaiméirí nua.

Chun an margadh is fearr a fháil ba cheart duit:

Chomh maith leis an bpraghas, ba cheart duit smaoineamh ar:

  • an tslí ar mhaith leat an bille a fháil - ar pháipéar nó ar líne
  • na modhanna íocaíochta atá á dtairiscint
  • an bhfuil táillí luathimeachta i bhfeidhm ag an soláthraí nua
  • an bhfuil tú in ann aisairgead nó dreasachtaí eile a fháil
  • leibhéal na seirbhíse custaiméara a thairgtear

Céim 4 – roghnaigh

Tá tú tar éis cuardach thart a dhéanamh agus tá cinneadh déanta agat maidir leis an bplean praghais agus an soláthraí a oireann duit. Anois, tá tú réidh chun:

  • dul i dteagmháil le do sholáthraí roghnaithe
  • a dheimhniú go bhfuil tú ag iarraidh athrú leo

Má tá suíomh gréasáin um chomparáid praghsanna in úsáid agat, déanfaidh siad é sin ar fad duit. Cuimhnigh a rá leis an soláthraí nua má tá custaiméir leochaileach sa teaghlach.

Cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin

Nuair a athraíonn tú le soláthraí eile, bíonn tréimhse mharana 14 lá ann. Is éard is ciall leis sin ná go bhfuil 14 lá agat d’intinn a athrú agus an t-aistriú a chur ar ceal gan phionós. Tháinig An tAcht um Chearta do Thomhaltóirí 2022 i bhfeidhm an 29 Samhain 2022, chuir sé síneadh leis an tréimhse mharana do ‘chianchonarthaí’ nó ‘conarthaí seacháitribh’ ó 14 lá go 30 lá.

Ní cheart go mbeadh do sholáthraí teanntásach ná ag cur brú ort conradh a shíniú. Glac do chuid ama agus déan mionmhachnamh ar an tairiscint. Bí cinnte na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gconradh a léamh.

Ag deireadh na tréimhse marana:

  1. Inseoidh do sholáthraí nua é sin do d’iarsholáthraí.
  2. Gheobhaidh tú litir fáilte ó do sholáthraí nua.
  3. Gheobhaidh tú bille deiridh ó d’iarsholáthraí.

Faisnéis Eile

Ábhar gaolmhar