Socraíonn an CRF ioncam ceadaithe Uisce Éireann. Is é sin an méid airgid a leithdháiltear chun caoi a thabhairt dó a oibleagáidí seirbhíse a chur ar fáil do chustaiméirí agus a chuid ceanglais um chomhlíonadh comhshaoil a chur i gcrích.

Tríd an ioncam ceadaithe a shocrú, déanann an CRF an méid seo a leanas:

  • custaiméirí a chosaint trína chinntiú go socraíonn Uisce Éireann praghsanna córa ar tháillí tráchtála
  • a chinntiú gur féidir le hUisce Éireann a chuid costais a chumhdach agus seirbhísí feabhsaithe a chur ar fáil
  • spriocanna éifeachtúlachta a shocrú arb é is aidhm leo caiteachas Uisce Éireann a thabhairt i gcomhréir le fóntais sheanbhunaithe uisce agus fuíolluisce.
  • a chinntiú go bhfuil dóthain ioncaim ag Uisce Éireann chun go bhféadfaidh sé a oibleagáidí comhshaoil a bhaint amach.

Socraítear an t-ioncam ceadaithe tríd an bpróiseas rialaithe ioncaim.

Mar a oibríonn an próiseas rialaithe ioncaim

Úsáidtear an próiseas rialaithe ioncaim chun an t-ioncam ceadaithe a shocrú d’Uisce Éireann. Baineann an méid seo a leanas leis an bpróiseas:

  • Foilsíonn Uisce Éireann Plean Straitéiseach Cisitúcháin nuashonraithe.
  • téann an CRF i ngleic le haighneachtaí Uisce Éireann agus déanann siad athbhreithniú ar na haighneachtaí sin.
  • déantar costais Uisce Éireann a thagarmharcáil i gcoinne cuideachtaí agus fóntais chomhchosúla.
  • cuirtear próiseas comhairliúchán poiblí i gcrích

Trí leas a bhaint as an bpróiseas seo, socraíonn an CRF lamháltais Uisce Éireann dá gcostais oibriúcháin, dá gcostais chaipitiúla, agus do nithe eile. Leis sin, ní bhíonn sé de chumas ag Uisce Éireann ach costais a thabhaítear go héifeachtúil a aisghabháil.

Déanann an CRF leibhéal na gcostas oibriúcháin agus caipitiúil a ordaíonn Uisce Éireann a chothromú, agus san am céanna á chinntiú go bhfuil dóthain airgid aige chun a chuid seirbhísí a sheachadadh.

Socraíonn an CRF spriocanna éifeachtúlachta freisin arb é is aidhm leo caiteachas Uisce Éireann a laghdú, agus seirbhísí do chustaiméirí á gcothabháil agus á bhfeabhsú ag an am céanna.

Athbhreithniú caiteachais

I ndiaidh tréimhse rialúcháin ioncaim, breathnaíonn an CRF siar chun meastóireacht a dhéanamh ar chaiteachas Uisce Éireann lena gcinntear cé acu an raibh nó nach raibh sé laistigh den lamháltas réamhshocraithe agus cé acu ar bhain nó nár bhain sé a chuid aschur agus torthaí sainithe amach.

Féach ioncam ceadaithe Uisce Éireann don tréimhse reatha (2020-2024)

Ábhar gaolmhar

Faigh forléargas ar ról an CRF mar rialtóir eacnamaíoch d’Uisce Éireann.

Tá beartas ceangail agus táillí ceangail Uisce Éireann formheasta ag an CRF.