Ní mór do chonraitheoir leictreachais nó suiteálaí gáis a bheith cláraithe mar seo a leanas chun obair a dhéanamh on Éirinn:

  • Conraitheoir Cláraithe Leictreachais leis an Scéim Leictreachais Sábháilte.
  • Suiteálaí Cláraithe Gáis leis an Scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis.

Oibríonn na scéimeanna sin thar ceann an Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CRF).

Rialú sábháilteachta do chonraitheoirí leictreachais

Is é Leictreachas Sábháilte an scéim rialála dlíthiúil do chonraitheoirí leictreachais.

Ritheann an Comhlacht Maoirseachta um Shábháilteacht Leictreachais é don Choimisiún um Rialáil Fóntais (CRF). Bíonn an Chomhlacht Maoirseachta um Shábháilteacht Leictreachais ag plé leis an méid seo a leanas:

  • Oibríocht laethúil na scéime Leictreachais Sábháilte.
  • Leagann an Cháipéis Critéar Maoirseachta Sábháilteachta Leictreachais amach na rialacha sonraithe agus na hoibleagáidí do rannpháirtithe atá ag oibriú laistigh den scéim Leictreachais Sábháilte.
  • Iarratais cláraithe ó chonraitheoirí leictreachais a phróiseáil.
  • Measúnú a dhéanamh ar Chonraitheoirí Cláraithe Leictreachais lena chinntiú go bhfuil siad ag obair chuig caighdeáin sábháilteachta náisiúnta agus na Rialacha Náisiúnta do Shuiteálaithe Leictreachais (ET 101).
  • ‘Teastais Chríochnaithe Dáilte’ a phróiseáil nach mór do Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais a thabhairt do chustaiméirí nuair atá na hoibreacha leictreachais curtha i gcrích.
  • Fadhbanna a réiteach agus imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a fhaightear ón bpobal maidir le Conraitheoirí Cláraithe Leictreachais.

Bíonn an CRF ag plé leis an méid seo a leanas:

  • Cinntí polasaithe maidir le sábháilte leictreachais.
  • Oibríocht foriomlán na scéime Leictreachais Sábháilte.
  • Gníomhaíochtaí forfheidhmithe ar nós ionchúisimh in aghaidh conraitheoirí neamhchláraithe leictreachais.
  • Athbhreithniú ar achomhairc ó iarrthóirí faoi chinntí clárúcháin ag Leictreachas Sábháilte.
  • Athbhreithniú ar achomhairc ó dhaoine faoi láimhseáil gearán Leictreachas Sábháilte.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun Conraitheoir Cláraithe Leictreachais a fháil:

oibreacha leictreachais mídhleathacha

Téigh i dteagmháil le Leictreachas Sábháilte má cheapann tú go bhfuil duine nach bhfuil cláraithe mar Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais ag déanamh an méid seo a leanas:

  • ag déanamh oibreacha leictreachais ar theach baile
  • ag déanamh cur síos orthu féin ar bhealach a thugann le fios go bhfuil siad ina gConraitheoir Cláraithe Leictreachais.

Déan oibreacha leictreachais mídhleathacha amhrasta a thuairisciú le Leictreachas Sábháilte.

Déan gearán faoi Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais le Leictreachas Sábháilte.

Grúpaí páirtí leasmhara

Tugann na coistí seo a leanas comhairle don scéim Leictreachais Sábháilte:

  • Cuireann an Coiste Leictreachais Sábháilte daoine ar an eolas faoi rioscaí leictreachais. Cuireann sé bearta chun cinn chun timpistí mar gheall ar an leictreachas a sheachaint. Tugtar TC5 ar an gCoiste - Sábháilteacht leictreachais agus staitisticí le haghaidh timpistí agus tinte mar thoradh ar an leictreachas.
  • Tugann Painéal Athbhreithnithe Critéar na gConraitheoirí Leictreachais (ECCRP) comhairle don CRF maidir le hathruithe molta ar Leagan Cáipéise Critéar Maoirseachta Sábháilteachta Leictreachais.
  • Soláthraíonn Coistí Leictriteicniúla an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) an obair caighdeánaithe teicniúil. Coinníonn NSAI líonra Coistí Teicniúla a chlúdaíonn go leor réimsí leictriteicneolaíocht agus tá freagracht dhíreach aige ar chothabháil chóras náisiúnta na gcaighdeán suiteálaithe leictreachais.

Féach Clár Caighdeán Leictriteicniúil NSAI.

Rialáil sábháilte suiteálaithe gáis

Is é an scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis an scéim rialála dlíthiúil do shuiteálaithe gáis.

Ritheann an Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Gáis (GSSB) é thar ceann an CRF. Tá freagrachtaí éagsúla ag GSSB agus CRF.

Bíonn an GSSB ag plé leis an méid seo a leanas:

  • Oibríocht laethúil na scéime Suiteálaithe Cláraithe Gáis.
  • An Cháipéis Critéar Maoirseachta Sábháilteachta Gáis a leagann amach na rialacha sonraithe agus na hoibleagáidí do rannpháirtithe atá ag oibriú laistigh den scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis.
  • Iarratais cláraithe ó shuiteálaithe gáis a phróiseáil.
  • Measúnú a dhéanamh ar Shuiteálaithe Cláraithe Gáis lena chinntiú go bhfuil siad ag obair chuig caighdeáin sábháilteachta náisiúnta.
  • ‘Dearbhú Deimhnithe Comhréireachta’ (Dearbhú Críochnaithe) a phróiseáil nach mó do Shuiteálaí Cláraithe Gáis a thabhairt do chustaiméirí chomh luath is atá na hoibreacha gáis críochnaithe.
  • Fadhbanna a réiteach agus imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a fhaightear ón bpobal maidir le Suiteálaithe Cláraithe Gáis.

Bíonn an CRF ag plé leis an méid seo a leanas:

  • Cinntí polasaithe maidir le sábháilteacht gáis.
  • Oibríocht foriomlán na scéime Suiteálaithe Cláraithe Gáis.
  • Gníomhaíochtaí forfheidhmithe ar nós ionchúisimh in aghaidh suiteálaithe neamhchláraithe gáis.
  • Athbhreithniú ar achomhairc ó iarrthóirí faoi chinntí clárúcháin ag an GSSB.
  • Athbhreithniú ar achomhairc ó dhaoine faoi láimhseáil gearán GSSB.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun Suiteálaí Cláraithe Gáis a fháil:

Oibreacha gáis mídhleathacha

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis /(GSSB) má cheapann tú go bhfuil duine nach bhfuil cláraithe mar Shuiteálaí Cláraithe Gáis ag déanamh an méid seo a leanas:

  • oibreacha gáis a dhéanamh
  • ag déanamh cur síos orthu féin ar bhealach a thugann le fios go bhfuil siad ina Suiteálaí Cláraithe Gáis.

Déan oibreacha gáis mídhleathacha amhrasta a thuairisciú.

Déan gearán faoi Shuiteálaí Cláraithe Gáis leis an Scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis/an Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Gáis (GSSB).

Grúpaí páirtí leasmhara

Tugann na coistí seo a leanas comhairle don scéim Suiteálaithe Cláraithe Gáis:

  • Is fóram tionscail é an Painéal Ionadaíochta Suiteálaithe a phléann athruithe ar an gCáipéis Critéar Maoirseachta Sábháilteachta Gáis. Éascaíonn IRP cumarsáid idir Suiteálaithe Cláraithe Gáis, an Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Gáis agus an CRF.
  • Déanann an Coiste Sábháilteachta Gáis moltaí faoi thraschur, dáileadh agus úsáid sábháilte ár ngás nádúrtha agus Gás Peitriliam Leachtaithe (GPL) in Éirinn.
  • Forbraíonn agus uasghrádaíonn an Coiste Scéime Measúnaithe Gáis Baile critéir don DGA.