Má fhaigheann tú boladh gáis i do theach

Custaiméirí gáis nádúrtha

Cuir glaoch ar Sheirbhís Éigeandála 24 Uair an Chloig Líonraí Gáis Éireann 1800 20 50 50 láithreach.

Custaiméirí Flogas agus Calor

Cuir glaoch ar d'uimhir éigeandála
Flogas: +41 214 9800
Calor: +1 291 6229

Mura féidir leat teagmháil a dhéanamh leo, cuir glaoch ar 999 / 112. Ansin, ba cheart duit na réamhchúraimí sábháilteachta seo a leas a ghlacadh.

  • Ná caith tobac, ná caith galtoitín nó ná bain úsáid as lasair gan chosaint.
  • Ná díphlugáil aon rud leictreach nó ná cuir aon rud leictreach air nó as.
  • Ná húsáid guthán in aice leis an sceitheadh, cuir glaoch ón taobh amuigh nó úsáid fón do chomharsan.
  • Seiceáil go bhfuil na fearais gháis curtha as agus nach bhfuil siad fágtha ar siúl agus neamhlasta.
  • Oscail fuinneoga agus doirse.
  • Má bhíonn an boladh fós ann cas as an gás ag an méadar, an t-umar (na humar) nó an sorcóir (na sorcóirí).

Má fhaigheann tú boladh gáis ar an tsráid

Má fhaigheann tú boladh gáis ar an tsráid, cuir glaoch ar 1800 20 50 50 láithreach. Ná glac leis go ndéanfaidh duine éigin eile.

Coinnigh do chuid fearas gáis sábháilte

Déan seirbhísiú bliantúil ar do chuid fearas gáis. Moltar go ndéanfar seirbhísiú bliantúil ar gach fearas gáis de réir threoracha an déantóra.

Má tá imní ort nach bhfuil fearas sábháilte nó nach bhfuil sé ag oibriú i gceart ba chóir duit Suiteálaí Cláraithe Gáis a eagrú chun cigireacht sábháilteachta a dhéanamh.

Aimsigh Suiteálaí Cláraithe Gáis

Comhairle sábháilteachta baile do chustaiméirí Calor agus Flogas

Is féidir le custaiméirí Calor agus Flogas tuilleadh comhairle a fháil ar shuíomhanna gréasáin a soláthraithe maidir le sábháilteacht tí.

Suíomh gréasáin Calor Gas

Suíomh gréasáin Flogas

Ábhar gaolmhar