Cén fáth a n-úsáidtear Suiteálaí Cláraithe Gáis

Ní mór duit Suiteálaí Cláraithe Gáis (SCG) a úsáid chun aon obair gháis a dhéanamh i do theach. Baineann an dlí sin le gás nádúrtha nó le gás GPL araon.

Trí úsáid a bhaint as SCG beidh a fhios agat:

  • go bhfuil tú ag déileáil le suiteálaí oilte
  • go bhfuil do shuiteáil gáis sábháilte
  • go bhfuil árachas ag do Shuiteálaí Cláraithe Gáis

Ní mór do gach SCG Dearbhú Comhlíonta a sholáthar dá gcustaiméirí. Tugtar Deimhniú Críochnaithe air sin freisin. Léirítear leis go bhfuil na hoibreacha críochnaithe sábháilte agus de réir caighdeáin.

Chun SCG a aimsiú féach suíomh gréasáin na scéime SCG.

An ról atá againn maidir le suiteálaithe gáis a rialáil

Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) a rialaíonn gach suiteálaí gáis baile. Déanaimid é sin tríd an scéim um Shuiteálaithe Cláraithe Gáis (RGI).

De réir an dlí, ní mór do gach oibrí gáis baile iad féin a liostú leis an scéim SCG. Is é an Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Gáis, arna cheapadh ag CRF, a choinníonn an scéim SCG ar bun. Cinntítear leis an scéim SCG go bhfeidhmeoidh gach SCG de réir na gcaighdeán náisiúnta sábháilteachta.

Ábhar gaolmhar