Clár fiúsanna agus méadar

Is faoi úinéireacht agus stiúrthóireacht Líonraí BSL atá an líonra dáileacháin leictreachais a iompraíonn leictreachas chun ár dtithe. Tagann do sholáthar leictreachais trí phríomh-fhiús agus méadar Líonra BSL. Tá siad seo faoi shéala agus ní ceart cur isteach orthu nó baint dóibh.

Sreangú agus gléasanna

Is tusa atá freagrach as sábháilteacht shuiteáil an tsreangaithe leictreachais i do theach agus as an gcaoi a n-úsáideann tú gléasanna leictreachais. Lean na leideanna sábháilteachta seo ó Líonraí BSL ar mhaithe le sábháilteacht do ghléasanna agus do chórais sreangaithe.

  • Déan athsholáthar gan mhoill ar shreanga briste, ar cheangail scaoilte, nó ar phlocóidí a bhfuil dochar déanta dóibh.
  • Múch agus díphlugáil earraí leictreachais nuair nach bhfuil siad á n-úsáid.
  • Díchorn cáblaí sínteacha go hiomlán chun ró-théamh a sheachaint.
  • Ná cuir an iomarca cuibheoirí nó bloc sínteach isteach i soicéid.

Tástálacha Sábháilteachta

Déan na tástálacha seo dhá uair sa bhliain, nuair a athraíonn na cloig:

  1. Tástáil do lasc thuisleach nó do Ghléas Reatha Iarmharach (GRI) tríd an gcnaipe tástála a bhrú.
  2. Tástáil d’aláraim dheataigh agus aonocsaíde carbóin.