gás

Líonraí Gáis Éireann

Tá méadair gháis ag gach custaiméir gáis ina dtithe. Cuirtear do mhéadar gáis isteach agus coinnítear é ag Líonraí Gáis Éireann.

Déanann Líonraí Gáis Éireann an méid seo a leanas chomh maith:

  • Tógann siad léamha méadair ceithre uair sa bhliain agus tógann siad léamha measta dhá uair sa bhliain.
  • Seol do léamha méadair chuig do sholáthraí fuinnimh. Cuireann do sholáthraí fuinnimh bille ar fáil duit bunaithe ar d’úsáid.

Téigh i dteagmháil le Líonraí Gáis Éireann má cheapann tú go bhfuil fabht ann, má cheapann tú go raibh duine éigin ag baint dó, nó mura bhfuil aon soláthar agat.

Má fhaigheann tú boladh gáis, cuir glaoch ar: 1800 20 50 50
Seirbhís custaiméara: 1800 464 464

Léamha méadair

Nuair a thagann an léitheoir chuig do theach chun an méadar a léamh, beidh rochtain ag teastáil uathu. Uaireanta, má tá geataí faoi ghlas, má tá rud éigin i mbealach an mhéadair, nó mura bhfuil tú ag an teach chun rochtain a thabhairt dóibh, ní bheidh siad in ann an méadar a léamh.

Mura bhfuil siad in ann rochtain a fháil ar an méadar chun é a léamh:

  • fágfaidh siad cárta sa bhosca poist chun tú a chur ar an eolas go raibh siad ann
  • inseoidh siad duit conas do léamh méadair féin a sheoladh isteach. Mura bhfuil Líonraí Gáis Éireann in ann léamh méadair a fháil agus mura seolann tú isteach do léamh méadair féin, measfaidh Líonraí Gáis Éireann d’úsáid. Lena chinntiú go bhfaigheann tú bille cruinn, is é an rud is fearr rochtain a thabhairt do Líonraí Gáis Éireann ar do mhéadar agus do léamh méadair féin a chur isteach.

Cineálacha léimh méadair ar do bhille

Is féidir a fheiceáil ar do bhille gáis cén sórt léimh méadair a tógadh do do bhille.

  • A ciallaíonn sé sin léamh méadar ceart ó Líonraí Gáis Éireann
  • C ciallaíonn sé sin go gcuireadh léamh méadair isteach ag an gcustaiméir
  • E ciallaíonn sé sin go ndearnadh do bhille a ríomh le léamh méadair measta

Billí measta

Má tá an iomarca billí agat in aghaidh a chéile, seans ann nach mbeidh do bhille cruinn. Ciallaíonn sé sin nuair a dhéantar léamh méadair ceart, d’fhéadfadh do bhille a bheith níos mó ná mar a ceapadh. Chun é sin a sheachaint:

  • Déan do bhillí a sheiceáil lena chinntiú nach ndéantar iad a mheas i gcónaí.
  • Má fhaigheann tú bille measta, déan an difríocht a sheiceáil idir an léamh méadair ar an mbille agus do léamh méadair ceart.
  • Má tá difríocht mhór ann, cuir isteach do léamh méadair féin. Is féidir leat a bheith cinnte ansin go bhfuil an bille ceart agat agus ní chuirfidh bille amach anseo ionadh ort.

Má tá ceist agat faoi do bhille, téigh i dteagmháil le do sholáthraí gáis.

Cuir isteach léamh méadair gáis

Is féidir leat léamh méadair a chur isteach chuig Líonraí Gáis Éireann nó chuig do sholáthraí fuinnimh. Nuair atá léamh á chur isteach agat, beidh na rudaí seo a leanas ag teastáil uait:

  • Uimhir Thagartha Pointe Gáis (GPRN). Beidh an uimhir seo ag barr leathanach tosaigh do bhille gáis.
  • Léamh méadair

Faigh amach conas léamh méadair gáis a léamh agus a chur isteach ar shuíomh gréasáin Líonraí Gáis Éireann. Nó cuir glaoch orthu le do GPRN agus do léamh méadair ar 1800 427 732.

Beidh eochair don bhosca méadair ag teastáil uait chun an doras ar an mbosca méadair a oscailt agus do mhéadar a léamh. Mura bhfuil ceann agat, is féidir leat eochair don bhosca méadair a iarradh ó Líonraí Gáis Éireann.

Méadair íoctar mar a úsáidtear

Tá cártaí gáis do mhéadair gáis PAYG ar fáil ag ionad díolacháin Payzone, Post Point agus oifigí an Phoist.

Ábhar gaolmhar