Do bhille gáis a thuiscint

Tuigimid go mbíonn deacrachtaí ag roinnt custaiméirí a mbillí gáis a thuiscint. Cuidíonn an treoir seo roinnt codanna tábhachtacha ar do bhille a mhíniú.

Ní mór do sholáthraithe eolas ar leith a chur ar do bhille gáis ionas gur féidir é a thuiscint go soiléir agus go héasca. Ní bheidh an t-eolas ar bhillí gach soláthraí san áit céanna mar atá ar an mbille samplach seo.

Do bhille gáis a thuiscint

Cad is brí leis na téarmaí breise

Tá míniú gairid thíos ar roinnt eolais eile a bheidh ar do bhille gáis.

Táillí seasta

Gearradh an táille seo le haghaidh gach lá na tréimhse billeála. Is ionann tréimhse billeála agus dhá mhí nó 60 lá de ghnáth, ach is féidir é sin a athrú.

Táillí úsáide

Déantar d’úsáid a ríomh le húsáid a bhaint as do léamha méadair. Taispeánann an difríocht idir do léamh reatha agus do léamh roimhe sin an méid gáis á d’úsáid tú i méadar ciúbach (m3). Iolraítear é sin faoin bhfachtóir tiontaithe chun an méid fuinnimh a úsáideadh a ríomh i gcileavatuair (kWh). Iolraítear an uimhir seo faoin ráta aonaid gáis chun an táille úsáide ar do bhille a ríomh.

Fachtóir tiontaithe

Úsáidtear an fachtóir tiontaithe chun an méid gáis a úsáideadh (m3) a athrú go luach fuinnimh an gháis (kWh). Athraíonn an fachtóir tiontaithe bunaithe ar ábhar fuinnimh an gháis sa líonra.

D’fhéadfadh ábhar fuinnimh an gháis a athrú ag brath ar an áit as a dtagann sé. Sin an fáth go bhféadfadh difríochtaí a bheith ann san fhachtóir tiontaithe ó bhille go bille. Tá Líonraí Gáis Éireann freagrach as an bhfachtóir tiontaithe a ríomh agus cuireann siad eolas ar aghaidh chuig na soláthraithe a úsáideann é agus billí custaiméara á ríomh acu.

Táillí eile

Ó am go ham, d’fhéadfadh go mbeadh táillí eile ag baint le do bhille. D’fhéadfadh baint a bheith aige seo le hearraí ar nós táillí oibreacha láithreáin a rinneadh ag do réadmhaoin ag Líonraí Gáis Éireann. Mura bhfuil tú cinnte faoi táille ar bith, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí.

Cáin Charbóin

Tugadh isteach an Cháin Charbóin i mí Bealtaine 2010 agus baineann sé le gach soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí.

CBL

Cuirtear Cáin Bhreisluacha le costais do bhille ag ráta 13.5%.

Sonraí teagmhála an tsoláthraí

Beidh sonraí teagmhála do sholáthraí ar do bhille. Má tá ceist ar bith agat faoi do bhille nó má tá deacrachtaí íocaíochta agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí. Ba cheart go mbeadh siad in ann tú a chabhrú le haon deacracht atá agat.

Eolas maidir le gearáin a láimhseáil

Áireofar leis an mbille cur síos gairid ar nós imeachta láimhseála gearán do sholáthraí agus sonraí teagmhála gaolmhara. Cuirfidh sé in iúl chomh maith do cheart aon ghearán neamhréitithe a thabhairt chuig an CRF.