Foilseacháin Ábhartha

Foilseacháin Ábhartha

Doiciméid an Chreata Sábháilteachta Peitriliam (CSP)

Chomh maith leis na doiciméid atá nasctha tríd an gcuid seo den suíomh gréasáin, tá na doiciméid seo a leanas foilsithe ag an CRF mar eolas:

Doiciméid eile

Socruithe Comhoibrithe agus Grúpaí Idirnáisiúnta

Socruithe Comhoibrithe Náisiúnta

Agus a fheidhmeanna sábháilteachta peitriliam á gcomhlíonadh aige, téann an CRF i dteagmháil le páirtithe leasmhara reachtúla eile. Chun cumarsáid oscailte, dea-oibriú idirghníomhaireachta agus oibríochtaí éifeachtacha a áirithiú, tá roinnt meabhrán tuisceana (MoU) forbartha ag an CRF, in éineacht leis na gníomhaireachtaí stáit seo.

Grúpaí Idirnáisiúnta

Tá an CRF ina bhall gníomhach de na grúpaí idirnáisiúnta sábháilteachta agus rialála peitriliam seo a leanas. Éascaíonn na grúpaí seo comhroinnt faisnéise idir rialtóirí agus cuireann siad feabhsuithe ar chaighdeáin sábháilteachta chun cinn trí rannpháirtíocht tionscail. Bunaítear grúpaí oibre freisin chun aghaidh a thabhairt ar thopaicí sonracha ar bhonn rialta. D’fhéadfadh go gcuimseodh obair na ngrúpaí seo tabhairt faoi thaighde, oiliúint a chur ar fáil agus cláir ilnáisiúnta a stiúradh. Tá tuilleadh faisnéise le fáil thíos agus tá naisc chuig tuarascálacha a foilsíodh le déanaí ó na grúpaí le fáil thuas faoi Foilseacháin Ábhartha.