Sceitheanna

D’fhéadfadh tú a aimsiú go bhfuil sceitheadh ar do réadmhaoin nó d’fhéadfadh Uisce Éireann teagmháil a dhéanamh leat chun sceitheadh féideartha a aimsiú. Tá aláram sceite ag gach méadar a suiteáiltear ag Uisce Éireann agus insíonn a t-aláram seo má tá sceitheadh amhrasta ag an réadmhaoin. Má aimsíonn Uisce Éireann sceitheadh ag do réadmhaoin, rachaidh siad i dteagmháil leat.

Tá Uisce Éireann freagrach as sceitheanna ar na príomhlíonraí píobáin, suas go dtí an méadar uisce agus é sin san áireamh chomh maith. Bíonn deireadh ag freagracht an chustaiméara as an bpíbobair ag teorainn na réadmhaoine

Léaráid a léiríonn freagrach píobáin Uisce Éireann

Sceitheanna Uisce sa Teach

Tá custaiméirí freagrach as aon sceitheadh a aimsítear ar a réadmhaoin nó laistigh dá dtithe. Is féidir uisce a shábháil trí sceitheanna a aimsiú sa teach.

Seo roinnt seiceálacha simplí is féidir leat a dhéanamh i do theach lena fháil amach an bhfuil aon sceitheadh ann mar thoradh ar fhadhbanna pluiméireacht inmheánacha:

Seiceáil an leithreas

An bhfuil torann leanúnach uisce ag rith ag teacht ó aon sistéal leithris i do theach? Seiceáil le haghaidh sruth uisce ag rith laistigh den bhabhla leithris nó cuir píosa páipéir leithris isteach ar chúl an babhla leithris agus féach má ionsúnn sé uisce.

Seiceáil an t-umar stórála uisce

An féidir leat an t-umar stórála uisce (a bhíonn san áiléar de ghnáth) ag athlíonadh nuair nach bhfuil gléasanna a úsáideann uisce in úsáid nó nuair nach sruthlaítear leithreas le déanaí? Tá sé úsáideach é sin a sheiceáil san oíche nuair atá sé ciúin. Is féidir leat a sheiceáil má tá uisce ag teacht ó phíobáin forsceite a thagann ón umar stórála uisce, a fheictear de ghnáth ar an mballa seachtrach ag taobh do thí.

Seiceáil gach sconna

Seiceáil gach sconna sa teach agus sa ghairdín le haghaidh braonta. Is féidir le sconna atá ag sileadh os cionn 1,500 lítear uisce a chur amú gach bliain (d’fhéadfadh 20 folcadán a líonadh leis an méid uisce sin) agus is féidir an sconna a dheisiú go simplí trí leicneán nua a chur isteach.

Má tá ceist ar bith ag aon chustaiméir maidir le sceitheadh ar a réadmhaoin nó má aimsíonn siad sceitheadh ar réadmhaoin poiblí, is féidir leo teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann.

Scéim an Chéad Deisithe Saor in Aisce Uisce Éireann

Má cháilíonn sceitheadh atá idir teorainn na réadmhaoine agus bealach isteach an tí Scéim an Chéad Deisithe Saor in Aisce Uisce Éireann.

D’fhorbair Uisce Éireann an scéim sin chun leibhéil an uisce óil a chailltear sa chóras a laghdú.

Ní théann an scéim seo i bhfeidhm ach amháin le sceitheanna a aimsítear ar phíobán soláthair seachtrach an chustaiméara. Ní chlúdaíonn an scéim seo aon sceitheadh a aimsítear laistigh den teach.

Tá an scéim seo ar fáil do chustaiméirí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

  • Custaiméirí cláraithe Uisce Éireann
  • Sceitheadh deimhnithe ar phíobán soláthair seachtrach acu
  • Méadar uisce suiteáilte acu ar an réadmhaoin
  • Comhla stoptha laistigh acu atá ag oibriú agus atá inrochtana

Tuilleadh eolais ar Scéim an Chéad Deisithe Saor in Aisce Uisce Éireann