Le méadair chliste úsáidtear an teicneolaíocht dhigiteach is déanaí chun sonraí cothrom le dáta a thabhairt maidir le d’úsáid leictreachais. Níl gá le léamha méadair am-ídithe nó le bille measta. Beidh rochtain láithreach agat féin agus ag do sholáthraí ar an eolas is déanaí faoi d’úsáid leictreachais.

Le méadar cliste, beidh an chumhacht agat do lorg carbóin a ísliú agus smacht a fháil ar an méid a ídíonn tú – sin uile a bhuí le seirbhísí cliste.

Seirbhísí cliste

Nuair a bheidh méadar cliste agat, labhair le do sholáthraí leictreachais faoi na seirbhísí cliste a chuireann siad ar fáil. Le seirbhísí cliste beidh níos mó roghanna agat agus cuirfear ar do chumas d’úsáid leictreachais a athrú go hamanna den lá a oireann duit.

Taraif um Am Úsáide

Ní mór do gach soláthraí leictreachais taraif um Am Úsáide a thairiscint duit. Seirbhís chliste is ea taraif um Am Úsáide a chiallaíonn go n-athraíonn an costas leictreachais ag brath ar an am den lá. Déan teagmháil le do sholáthraí chun an taraif um Am Úsáide is fearr duitse a roghnú.

Laghdaigh do lorg carbóin

Le taraifí um Am Úsáide, tá níos mó ná airgead a shábháil i gceist. Má bhogann tú go dtí am seachbhuaice níos saoire, soláthraítear acmhainn do chumhacht in-athnuaite inár n-eangach náisiúnta.

Tá Éire ag bogadh i dtreo líonra leictreachais a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus a bheidh saor ó charbón. Cuidíonn méadrú cliste agus seirbhísí cliste linn astaíochtaí CO2 a laghdú agus laghdaítear ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise.

Sonraí do mhéadair chliste

Baileoidh do mhéadar cliste sonraí ar d’úsáid leictreachais gach 30 nóiméad. Leis an léamh cruinn sin beidh tú ábalta roghanna níos eolasaí a dhéanamh, cuid de d’úsáid fuinnimh a aistriú go hamanna seachbhuaice, nuair a bhíonn sé níos saoire, b’fhéidir.

Ní léifidh do sholáthraí na sonraí sin ach amháin má thug tú cead dó agus gur iarr tú seirbhís chliste a úsáid. Má roghnaíonn tú aistriú go taraif um Am Úsáide, cuirfidh do sholáthraí cad iad na sonraí a bhaileofar in iúl duit.

Gach lá, baileoidh Líonraí BSL sonraí ó do mhéadar cliste. Sonrófar air sin an méid leictreachais a úsáideadh le 24 uair an chloig roimhe sin. Leis na sonraí sin cuirfear bonn eolais faoi bhilleáil agus tacóidh sé le custaiméirí atá ag aistriú ó sholáthraí amháin go ceann eile nó a bheidh ag bogadh go háitreabh eile.

Baileoidh Líonraí BSL sonraí faoin méadar féin freisin. Stórálfaidh siad na sonraí go léir i Lárchóras Bainistíochta Sonraí Méadar. Geallann siad go gcloífidh siad leis an Rialachán Ginearálta maidir le Chosaint Sonraí (RGCS) agus go gcinnteoidh siad go mbeidh na sonraí pearsanta go léir sábháilte agus slán.

Faigh tuilleadh eolais faoi Mhéadair Chliste

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin ESBN

Tuilleadh Eolais