Déan teagmháil le do sholáthraí i gcónaí

Má tá deacracht agat do bhille leictreachais nó gáis a íoc, déan teagmháil le do sholáthraí.

Tá foireann oilte acu a éistfidh le do chás.

Tacaíocht ón Soláthraí do Chustaiméirí a bhfuil Deacrachtaí Íocaíochta acu

Ceanglaítear ar sholáthraithe roghanna a sholáthar do chustaiméirí a bhfuil deacracht acu a mbillí a íoc chun dícheangal a sheachaint.

D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin (nuair is cuí):

  • Cuidiú leat plean íocaíochta a dhéanamh.
  • Oibriú le comhairleoir airgid a ghníomhaíonn ar do shon e.g. an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA), carthanas aitheanta nó tríú páirtí.
  • Méadar réamhíocaíochta nó rialaitheoir buiséid á thairiscint duit.

Ba chóir do sholáthraithe do chumas chun íoc a chur san áireamh agus socrú ar bith maidir le hathíocaíocht á dhéanamh, trí mhéadar creidmheasa nó réamhíocaíochta agus a dheimhniú go bhfuil na socruithe inbhainistithe.

Cód Teagmhála Fuinnimh

Leis an gCód Teagmhála Fuinnimh faoi stiúir an tsoláthraí soláthraítear leibhéal breise slándála do chustaiméirí leictreachais agus gáis tís. Faoin gcód sin, ní dhéanfaidh soláthraithe fuinnimh tú a dhícheangal má bhíonn tú i dteagmháil leo.

Dícheangal

  • Ní mór do sholáthraithe iarracht teagmháil a dhéanamh 4 huaire ar a laghad le custaiméir sula n-eiseoidh siad iarratas den sórt sin chun custaiméir a dhícheangal mar gheall ar neamhíocaíocht.
  • Beidh ar sholáthraithe iarratas foirmiúil a sheoladh chuig an oibritheoir líonra chun dícheangal a dhéanamh. Ní mór an fógra sin a sheoladh trí litir, 10 lá oibre ar a laghad sula ndéanfar an dícheangal. Ní ceadmhach do sholáthraithe aon iarratas ar dhícheangal custaiméara tís a phróiseáil go dtí go mbeidh an tréimhse fógra 10 lá oibre caite.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil i Lámhleabhar Soláthraithe Leictreachais agus Gáis an CRF 2019

An bhfuil deacracht agat do bhille leictreachais nó gáis a íoc?

Déan teagmháil le do sholáthraí. Tá foireann oilte acu a éistfidh le do chás.

Má tá deacrachtaí airgeadais agat, tá roinnt eagraíochtaí ann a d’fhéadfadh cuidiú leat.

Tá Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Is é sin íocaíocht aonair chun cuidiú le caiteachas riachtanach, aonuaire, eisceachtúil a íoc, nach bhféadfaí a bheith ag súil le réasún go n-íocfadh duine é as a ioncam seachtainiúil. Tuilleadh eolais.

Is í seirbhís comhairle airgid an Stáit í an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA), a threoraíonn daoine le déileáil le fadhb fiachais. Má tá fadhb fiachais agat, nó má cheapann tú go bhfuil baol ann go mbeidh d’fhiacha ina fhadhb, is féidir leo cuidiú leat. Reáchtálann SBCA Líne Chabhrach (0818 07 2000) ó Luan go hAoine, 9am go 8pm) agus feidhmíonn sé freisin ó níos mó ná 60 ionad ar fud na tíre. Faigh tuilleadh eolais faoi SBCA.

Mar chuid den Phacáiste Sochar Teaghlaigh, d'fhéadfadh sé go mbeidh roinnt custaiméirí i dteideal tacaíocht a fháil lena gcuid billí leictreachais nó gáis a íoc. Íoctar an liúntas mar chreidmheas míosúil ar bhille custaiméara nó íoctar é go díreach leis an gcustaiméir. Faigh tuilleadh eolais faoin bPacáiste Sochair Teaghlaigh.

Tuilleadh Eolais ón Roinn Comhshaoil, Athrú Aeráide agus Cumarsáide