Faisnéis faoin Soláthraí

Le gur féidir le cuideachta leictreachas nó gás nádúrtha a sholáthar do chustaiméirí, ní mór dóibh a bheith ceadúnaithe ag an CRF. Cinntítear le ceadúnas CRF go mbeidh sé de dhualgas orthu cloí leis na rialacháin riachtanacha uile maidir le cosaint agus sábháilteacht custaiméirí. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas maidir le hiarratas a dhéanamh ar cheadúnas soláthair, tabhair cuairt ar an roinn ceadúnais ar ár suíomh gréasáin.

Ciallaíonn iomaíocht sa mhargadh go bhfuil a lán soláthraithe le roghnú astu agus gur féidir le custaiméirí aistriú eatarthu chun na margaí is fearr a fháil. Tá sé saor in aisce agus éasca soláthraí fuinnimh a aistriú. Níos fearr fós, is féidir leat airgead a shábháil duit má aistríonn tú do sholáthraí fuinnimh. Má tá tú ag smaoineamh ar do sholáthraí a aistriú, tá faisnéis úsáideach againn maidir le haistriú agus faoi conas suíomhanna gréasáin creidiúnaithe um chomparáid praghsanna a úsáid chun na margaí is fearr a fháil, téigh go dtí an leathanach Soláthraí a Aistriú ar ár suíomh gréasáin

Tugtar faisnéis sa liosta thíos maidir le soláthraithe a fhreastalaíonn ar chustaiméirí faoi láthair. Léirítear sa tábla na margaí ina n-oibríonn gach soláthraí agus an bhfuil siad ar do chustaiméirí baile agus/nó gnó chun clárú leo.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na soláthraithe, is féidir leat cliceáil ar na naisc agus tabharfaidh sé sin go díreach chuig a suíomh gréasáin thú. Gheobhaidh tú faisnéis ansin faoin soláthraí, faoina t(h)araifí agus a s(h)onraí teagmhála ar a shuíomh gréasáin.

Liosta Soláthraithe

Domestic Customer ElectricityDomestic Customer GasBusiness Customer ElectricityBusiness Customer Gas
Arden Energy
Bord Gáis Energy
Cenergise
Ecopower
Energia
Electric Ireland
Flogas
Glow Power
Go Power
Naturgy
Pinergy
Prepay Power
SSE Airtricity
Water Power