Cáilíochtaí gáis

Déanann CRF gníomhaíocht shábháilte na suiteálaithe gáis a rialáil. Déanaimid é sin tríd an scéim um Shuiteálaithe Gáis Cláraithe (SCG). Is é an Comhlacht Maoirseachta Sábháilteachta Gáis (GSSB) a dhéanann é sin do CRF. Teastaíonn cáilíochtaí gairmiúla áirithe uait chun clárú leis an scéim SCG.

Próiseas um aithint

Má tá cáilíochtaí gairmiúla agat ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, ní mór duit aitheantas a fháil ina leith. Ansin is féidir leat iarratas a dhéanamh chun clárú mar SCG. Is é seo a leanas an próiseas.

  1. Léigh na Nótaí Treorach agus Torthaí Foghlama Riachtanacha Leictreachais
  2. Comhlánaigh an fhoirm iarratais agus sonraigh do cháilíochtaí gairmiúla agus do thaithí ghairmiúil
  3. Déanfaidh painéal saineolaithe athbhreithniú ar d’iarratas
  4. Má cheadaítear é, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun clárú mar bhall den Scéim SCG.

Tabhair do d’aire le do thoil nach dtugtar ballraíocht sa SCG go huathoibríoch le ceadú an Phainéil Saineolaithe , ní dhéantar leis ach rochtain chun iarratas a dhéanamh ar an scéim a éascú.

Má tá ceisteanna agat seol Ríomhphost: gasrecognition@seireland.com

Nó cuir glao ar: (091) 480974

Cáilíochtaí leictreachais

Déanann CRF gníomhaíocht shábháilte conraitheoirí leictreachais a rialáil. Déanaimid é sin trí Scéim umLeictreachas Sábháilte. Clúdaítear sa Scéim um Leictreachas Sábháilte gach Conraitheoir Cláraithe Leictreachais (CCLanna) atá ag obair in Éirinn. Tá sé sin á fheidhmiú ag an mBord Maoirseachta um Shábháilteacht Leictreach (BMSL) do CRF. Teastaíonn cáilíochtaí gairmiúla áirithe uait chun clárú leis an Scéim um Leictreachas Sábháilte.

Próiseas um aithint

Má tá cáilíochtaí gairmiúla agat ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, ní mór duit aitheantas a fháil ina leith. Ansin is féidir leat iarratas a dhéanamh chun clárú leis an Scéim um Leictreachas Sábháilte. Is é seo a leanas an próiseas.

  1. Léigh na Nótaí Treorach agus Torthaí Foghlama Riachtanacha Leictreachais
  2. Comhlánaigh an fhoirm iarratais agus sonraigh do cháilíochtaí gairmiúla agus do thaithí ghairmiúil
  3. Déanfaidh painéal saineolaithe athbhreithniú ar d’iarratas
  4. Má cheadaítear é, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun clárú leis an Scéim um Leictreachas Sábháilte.

Tabhair do d’aire le do thoil nach dtugtar ballraíocht sa Scéim um Leictreachas Sábháilte go huathoibríoch le ceadú an Phainéil Saineolaithe, ní dhéantar leis ach rochtain chun iarratas a dhéanamh ar an scéim a éascú.

Iarrthóirí díreacha

Má tá cáilíocht City & Guilds agat d’fhéadfadh sé go mbeifeá ábalta iarratas a dhéanamh go díreach chun dul isteach sa Scéim um Leictreachas Sábháilte. Mar shampla Dioplóma Leibhéal 3 i Suiteáil Córais agus Trealamh Leictriteicniúil (C&G 2357).

Má tá ceisteanna agat seol Ríomhphost: electricalrecognition@seireland.com Nó gur glao ar: (091) 480974

Treoir AE

Baineann an Treoir Eorpach maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla (2005/36/CE) a Aithint le daoine incháilithe a bhfuil cáilíochtaí acu nó atá aitheanta ag ballstát de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch.

Má tá cáilíochtaí gairmiúla ábhartha agat ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann:

  • ní mór duit aitheantas a fháil ina leith sular féidir leat iarratas a dhéanamh ar chlárú scéime
  • tabharfar tús áite d’iarratasóirí a chomhlíonann na riachtanais iomlána
  • d’fhéadfadh sé go gcuirfí moill ar iarratasóirí ó thíortha nach tíortha de LEE iad

Tá sé ríthábhachtach go léifidh tú na Nótaí Treorach agus na doiciméid Torthaí Foghlama Riachtanacha/Príomhthuiscint sula gcomhlánóidh tú an fhoirm iarratais.