Leictreachas Sábháilte

Áirítear leis an scéim Leictreachas Sábháilte gach Conraitheoir Cláraithe Leictreachas (CCL) a oibríonn in Éirinn. Is tríd an scéim a rialaíonn an CRF gach Conraitheoir Cláraithe Leictreachais.

Cinntíonn an scéim Leictreachas Sábháilte gur gá do Chonraitheoirí Cláraithe Leictreachais:

  • cloí le caighdeáin náisiúnta agus le rialacha teicniúla
  • cumas teicniúil bheith acu chun an obair a dhéanamh
  • árachas bheith acu

Aimsigh Conraitheoir Cláraithe Leictreachais ar Leictreachas Sábháilte

Teastais Chríochnaithe

Tar éis do Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais obair a chríochnú i do theach, ní mór dó/di Teastas Críochnaithe a thabhairt duit. Léiríonn sé seo go bhfuil a c(h)uid oibre sábháilte agus chomh maith leis an gcothrom. Ba cheart duit teastas críochnaithe a iarraidh i gcónaí le haghaidh aon oibreacha leictreachais a dhéantar i do theach.

Gearán a dhéanamh faoi Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais

Is féidir gearán a dhéanamh faoi Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais, más amhlaidh:

  • nach bhfuil tú sásta le caighdeán teicniúil/sábháilteachta na hoibre
  • nach bhfuair tú Teastas Críochnaithe
  • go ndiúltaíonn an conraitheoir Teastas Críochnaithe a thabhairt duit

Gearán a dhéanamh le Leictreachas Sábháilte faoi Chonraitheoir Cláraithe Leictreachais

Tuairiscigh oibreacha mídhleathacha

Cabhraigh linn cách a choimeád slán. Más dóigh leat duine nach Conraitheoir Cláraithe Leictreachas é/í bheith ag déanamh obair leictreachais i dtithe, ba chóir duit é seo a thuairisciú do Leictreachas Sábháilte. Ba cheart duit tuairisciú a dhéanamh freisin ar aon duine a chuireann síos air/uirthi féin ar bhealach a thugann le tuiscint gur CCL é/í.

Tuairiscigh oibreacha mídhleathacha