Fan slán ó aonocsaíd charbóin

Níl aon dath, boladh ná blas ag aonocsaíd charbóin. Má dhéantar é análú, d’fhéadfaidh sí a bheith ina cúis le breoiteacht, caillteanas comhfhiosachta, nó bás fiú. Déan do theach agus agus do shláinte a chosaint ón ngás contúirteach seo.

Déan aláram aonocsaíd charbóin a shuiteáil

Is í an chéim is tábhachtaí chun do theaghlach a chosaint ó aonocsaíd charbóin i do theach ná aláram aonocsaíd charbóin nó dhó a shuiteáil. D’fhéadfadh aláram aonocsaíd charbóin simplí do shaol a shábháil.

Ba cheart go mbeadh d’aláram:

  • Ag comhlíonadh Caighdeáin Eorpaigh EN 50291
  • Ag léiriú an chomhartha CE agus comhartha teastais neamhspleách
  • Le táscaire ‘ré caite’
  • Ag déanamh fuaime nuair a bhuaileann an t-aláram

Féadtar leat aláraim aonocsaíd charbóin a cheannach i bhformhóir na siopaí DIY agus na siopaí baile. Lean treoracha an déantúsóra nuair atáthar á shuiteáil.

Coimeád do ghléasanna breosladhó slán

  • Déan deimhin de go ndéanann suiteálaí cáilithe/cláraithe do ghléasanna breosladhó a shuiteáil.
  • Déan do choire agus aon ghléas breosladhó eile a sheirbhísiú gach bliain.
  • Bain úsáid as gníomhaire seirbhíse cáilithe do do chineál breosla.
  • Scuab do shimléar gach bliain.
  • Coimeád do mhúcháin agus do shimléir glan.
  • Ná cuir aon ní sa bhealach ar aerálaithe seomra.
  • Déan deimhin de nach gcuireann aon obair fhoirgníochta as do shocruithe aerálaithe nó múcháin atá ann cheana.
  • Bain úsáid as gléasanna mar is ceart agus dá gcuspóir beartaithe.
  • Ná bain úsáid as gléasanna a cheapann tú go bhfuil lochtach.
  • Má dhéanann tú adhmad nó pailléid bhithmhaise a stóráil, déan deimhin de go bhfuil an stóras aeráilte go maith.

Comharthaí d’aonocsaíd charbóin i do theach

Is iad seo ar fad comharthaí d’aonocsaíd charbóin.

  • Smálú, súiche nó drochdhath timpeall gléas breosladhó.
  • Comhdhlúthú ar d‘fhuinneoga agus/nó ballaí nuair atá gléas breosladhó ar siúl.
  • Boladh ait nuair atá gléas breosladhó ar siúl. Cé nach bhfuil boladh ag aonocsaíd charbóin, d’fhéadfadh boladh a bheith ag múch eile atá á dhó agus a bheith mar chomhartha.
  • Gléas gásach le lasair bhuí nó oráiste seachas gorm.

Timireacht na Míosa

Cuireann Tommy agus Drimnagh i gcuimhne dúinn ár n-aláram míosúil a sheiceáil gach mí.

Aonocsaíd Charbóin

Cad is Féidir Déanamh Nuair A Bhuaileann d’Aláram?