Ciallaíonn micrighiniúint leictreachas a ghiniúint trí fhearas a shuiteáilte i dtithe nó i ngnólachtaí beaga.

I gcás ina dtagann an leictreachas sin as foinse in-athnuaite, mar shampla an ghrian (i.e. painéil “PV” fhótavoltacha), ó thuirbíní beaga gaoithe, ó hidreafhuinneamh nó ó theas agus micrighiniúint cumhachta agus teasa in éineacht (CHP), ansin meastar go bhfuil an leictreachas in-athnuaite.

Tá leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite a stóráiltear ansin i gceallra agus a úsáidtear - nó a onnmhairítear chuig an eangach níos déanaí - in-athnuaite freisin.

Baintear úsáid an téarma “micreaghiniúint” corruair chun tagairt a dhéanamh d’acmhainn ghiniúna suas le 1,000 kW, cé gur féidir giniúint ar mhionscála agus ar scála beag a áireamh sa raon níos leithne sin chomh maith le giniúint mhicreascála.

Má tá córas micrighiniúna suiteáilte agat cheana féin agus má tá ceist agat nach bhfreagraítear anseo i dtaca le híocaíocht as do leictreachas onnmhairithe, b’fhéidir gurb é do sholáthraí an duine is fearr le ceisteanna sonracha a fhreagairt a bhaineann leis na táirgí agus na seirbhísí a sholáthraíonn sé nó sí duit, lena n-áirítear:

  • Sonraí faoi do tharaif onnmhairiúcháin faoi leith agus faoin gconradh le do sholáthraí roghnaithe;
  • Cén dóigh agus cá huair a íocfar thú agus cá mhéad a íocfar leat nó a thabharfar chun sochair duit as d’onnmhairiú; agus
  • Cé acu an bhfuil tú incháilithe d’íocaíocht agus cé acu an mbeidh sí bunaithe ar an méid méadraithe ó mhéadar cliste nó an mbeidh sí bunaithe ar ríomh “cainníocht onnmhairithe measta”, in éagmais méadar cliste.

D’fhéadfadh go gurb é Líonraí BSL an dream is fearr chun ceisteanna sonracha a fhreagairt a bhaineann le riachtanais maidir le cúrsaí sábháilteachta agus teorainneacha acmhainne d’fhearais giniúna atá á cheangal ar do nasc leictreachais leis an eangach. Áirítear leis an bhfaisnéis ar shuíomh gréasáin Líonraí BSL a ‘dTreoir Céim ar Chéim’ maidir le micrighiniúint agus freagraí ar Cheisteanna Coitianta.